Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 15:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 ṫáinig Seosaṁ ó Arimatéa, cóṁairleoir cóir, onóraċ, fear do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé; agus do ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Ṫáinic Ióseṗ ó Arimatéa, cóṁairleaċ uasal, a raiḃ súil aige-sean fosta le ríoġaċt Dé, agus ċuáiḋ sé isteaċ go dána ċuig Pioláit gur iarr sé corp Íosa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Ṫáinig Ióseṗ ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a ḃí ag súil le ríġeaċt Dé ċóṁ maiṫ le cáċ, agus ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíláit, agus d’iarr se corp Íosa air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Táinic, Ióseṗ ó Arimatéa, coṁairleaċ onóraċ, agá raiḃ fós súil ré ríoġaċd Dé, agus do ċúaiḋ sé a sdeaċd go dána dionnsuiġe Ṗíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 15:43
16 Iomraidhean Croise  

Aċt is iomḋa duine d’á ḃfuil ar tosaċ ḃéas ar deireaḋ; agus d’á ḃfuil ar deireaḋ ḃéas ar tosaċ.


Mar sin béiḋ an dream deireannaċ ar tosaċ, agus béiḋ an dream tosaiġ ar deireaḋ.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig duine saiḋḃir ó Arimatéa darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ḋeisceabal ag Íosa:


Agus do lean Peadar é i ḃfad uaiḋ, nó go raiḃ sé istiġ i gcúirt an árd‐ṡagairt; agus do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe i ḃfoċair na n‐oifigeaċ, ’g‐á ġoraḋ féin cois na teineaḋ.


Agus do b’iongnaḋ le Píoláid a ráḋ go raiḃ sé marḃ ċeana: agus do ġlaoḋ sé ċuige an ceanntúir, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe an raiḃ sé i ḃfad tar éis báis.


Agus féaċ, do ḃí i nIarúsalem fear darḃ ainm Simeon; agus do ḃí an fear so fíréanta, diaḋa, agus é ag súil le sólás Israel: agus do ḃí an Spiorad Naoṁ air.


Agus ag teaċt di‐se, an uair ċéadna sin, ṫug sí buiḋeaċas do Ḋia, agus do laḃair sí ’n‐a ṫaoḃ le gaċ duine do ḃí ag tnúṫ le fuascailt Iarúsalem.


Agus féaċ, fear darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ċóṁairleoir,


fear cóir fíréanta (níor aontuiġ sé le ’n‐a gcóṁairle ná le n‐a ngníoṁ), fear as Arimatéa, caṫair de ċaṫraċaiḃ na nIúdaċ, do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé:


Agus ’n‐a ḋiaiḋ sin, Seosaṁ ó Arimataea (do ḃí ’n‐a ḋeisceabal ag Íosa, aċt fá ċeilt ar eagla na nIúdaċ), d’iarr sé ar Ṗíoláid leigean dó corp Íosa do ḃreiṫ leis: agus ṫug Píoláid cead dó. Ṫáinig sé mar sin, agus do ṫóg sé leis a ċorp.


Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.


Do ċreid mórán díoḃ‐san, agus de na mnáiḃ uaisle Gréagaċa, agus cuid nár ḃeag de na fearaiḃ.


agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan