Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 15:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus sa naoṁaḋ h‐uair do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, Elóí, Elóí, Lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréigis mé?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ar an naoṁaḋ h-uair scairt Íosa amaċ de ġuṫ árd, ag ráḋ: Eloi, Eloi, lamma sabacthaní? Is é sin le ráḋ: A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus sa naoṁaḋ tráṫ do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd: Elóí, Elóí, lamá sabactání? níḋ a míníġṫear mar seo: A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ann sa náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ árd, ag ráḋ, Eloi, Eloi, lámá sabaċtáni? a se sin, ar na eidirṁíniuġaḋ, Mo Ḋía, mo Ḋía, créd fár ṫréig tú mé?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 15:34
16 Iomraidhean Croise  

Agus ó’n séṁaḋ h‐uair do leaṫ dorċadas ar an tír go léir go dtí an naoṁaḋ h‐uair.


Agus timċeall na naoṁaḋ h‐uaire do ġlaoḋ Íosa amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Élí, Elí, lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?


Agus do ḃí an treas uair ann, agus do ċéasadar é.


Agus nuair do‐ċuala cuid díoḃ‐san do ḃí láiṫreaċ é, aduḃradar, Féaċ, atá sé ag glaoḋaċ ar Élias.


Agus do ḃí sé timċeall na séṁaḋ h‐uaire, agus do leaṫ dorċadas ar an talaṁ uile go dtí an naoṁaḋ h‐uair,


Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis.


Do taiḋḃriġeaḋ ḋó go soiléir, tuairim na naoṁaḋ h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teaċt ċuige isteaċ, g‐á ráḋ leis, A Ċornéliuis.


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan