Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:72 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

72 Agus ar an láṫair do ġlaoḋ an coileaċ an dara h‐uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aḋuḃairt Íosa leis, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ ḋá uair, séanfair mé fá ṫrí. Agus ag cuiṁniú air ḋó, do ḃris a ġol air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

72 Agus ar an ḃall scairt an coileaċ an dara h-uair. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Íosa leis: Sul a scairtiḋ an coileaċ an dara h-uair, séanfaiḋ tusa mé fá ṫrí. Agus ṫoisiġ sé a ġol.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

72 Agus ansan do ġlaoiḋ an coileaċ an tarna h-uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt Íosa: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ ḋá uair séanfair mé trí h-uaire. Agus ċrom sé ar ġol.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

72 Agus do ġoir an coileaċ an dara húair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Iósa ris, Ní is táosga na ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, séanfuiḋ tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiṫṫáoiḃ ḋó, do ġuil sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:72
15 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneaċ, sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ anoċt féin, go séanfair mé fá ṫrí.


Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneaċ, an lá indiu, anoċt féin, sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ an dara h‐uair, go séanfair mé fá ṫrí.


Aċt do ṡéan seisean, agus aduḃairt, Ní ḟuil a ḟios agam, ná ní ṫuigim créad adeirir: agus do ċuaiḋ sé amaċ taoḃ amuiġ de’n ċúirt; agus do ġlaoḋ an coileaċ.


Aċt do ṫosnuiġ seisean ar eascainiġe, agus ar a ṁionnú, Ní ḟuil aon aiṫne agam ar an duine so adeir siḃ.


Aċt aduḃairt Peadar, A ḋuine, ní ḟuil a ḟios agam créad atá agat d’á ráḋ. Agus ar an láṫair, le linn cainnte ḋó, do ġlaoḋ an coileaċ.


Agus d’imṫiġ sé amaċ agus do ġoil sé go duḃaċ.


Óir do‐ḃeir an doilġeas diaḋa aiṫriġe ċum slánuiġṫe naċ dtugann aiṫṁéala: aċt do‐ḃeir doilġeas an tsaoġail an bás.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan