Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:58 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

58 Do‐ċualamar‐ne é ’g‐a ráḋ, Leagfad‐sa an teampall so do rinneaḋ le láṁaiḃ daoine, agus i gcionn trí lá tógfad teampall eile gan a ḃeiṫ déanta le láṁaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

58 Ċualamar é ag ráḋ: leagfaiḋ mé an teampall seo a rinneaḋ le láṁa, agus i dtrí lá tógḟaiḋ mé ceann eile gan obair láṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

58 D’airiġeamair-ne é agus duḃairt sé: An teampal so a deineaḋ le láṁaiḃ daoine, leagfad-sa é agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le láṁaiḃ daoine é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

58 Do ċúalamairne é ag ráḋ, Brisfiḋ mé sios an teampoll so déunta lé láiṁaiḃ, agus a dtrí lá tóigeaḃaiḋ mé teampoll éile gan obair láṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:58
11 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt an fear so, Atá ar ċumas daṁ‐sa teampall Dé do leagaḋ, agus a ṫógáil arís i gceann trí lá.


Agus d’éiriġ daoine áiriṫe, agus ṫugadar fiaḋnaise ḃréige ’n‐a aġaiḋ, ’g‐a ráḋ,


Aċt, mar sin féin, ní raiḃ a ḃfiaḋnaise ag teaċt le ċéile.


Agus na daoine do ġaḃaḋ ṫairis, ṫugaidís masla ḋó ag croṫaḋ a gceann, agus iad ’g‐a ráḋ, Há! ṫusa leagas an teampall, agus ṫógas é i gceann trí lá,


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Leagaiḋ ar lár an teampall so, agus i gcionn trí lá tógfad‐sa é.


Ní i dtiġ do rinneaḋ le láṁaiḃ, áṁ, ċóṁnuiġeas an Té is Áirde; mar adeir an fáiḋ,


Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ.


Aċt, iar dteaċt do Ċríost mar árd‐ṡagart na n‐aoiḃneas atá le teaċt, tré ṫabernacal is mó agus is iomláine, naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, is é sin naċ de’n tsaoġal so,


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan