Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:49 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

49 Do ḃíos gaċ lá ’n‐ḃúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugaḃar orm: aċt do‐ġnítear é seo ċum na scrioptúirí do ċóiṁlíonaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

49 Ḃí mé i mo ṡuiḋe gaċ lá i ḃur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug siḃ orm. Aċt is ċun na Scrioptúirí a ċóiṁlíonaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

49 Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

49 Do ḃí mé gaċ éanlá aguiḃ sa teampall ag teagasg, agus níor ġlacaḃuir mé: Aċd is éigin na sgríobtuiriḋ do ċoiṁlíonaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:49
27 Iomraidhean Croise  

Agus do ṫuit seo amaċ ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃairt an Tiġearna tríd an ḃfáiḋ, g‐á ráḋ,


Aċt cionnas do cóiṁlíonfaiḋe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caiṫfear a ḃeiṫ?


Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm.


Aċt ṫáinig an méid seo ċum críċe ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe scrioptúirí na ḃfáiḋ. Annsin do ṫréig na deisceaḃail go léis é, agus do ṫeiċeadar.


Agus ag imṫeaċt dó, ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán: agus do ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís; agus, mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisc sé arís iad.


Agus ṫángadar go h‐Iarúsalem arís: agus ag siuḃal dó sa teampall, ṫáinig ċuige uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus na seanóirí: agus aduḃradar‐san leis,


Agus ag teagasc d’Íosa sa teampall, aduḃairt sé, Cionnas adeir na scríoḃaiḋṫe gur mac do Ḋáiḃi Críost?


Agus aduḃairt Íosa leo, An dtángaḃar amaċ le breiṫ orm, le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ, mar ṫiocfaḋ siḃ le breiṫ ar ḃiṫeaṁnaċ?


Agus do ṫréigeadar uile é agus do ṫeiċeadar.


Agus do ḃí sé ag teagasc gaċ lá sa teampall. Aċt do ḃí uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus cinnirí an ṗobail ag iarraiḋ faille le n‐a ṁilleaḋ:


Óir adeirim liḃ, go gcaiṫfear an niḋ seo atá scríoḃṫa do cóiṁlíonaḋ ionnam‐sa, Agus do h‐áirṁeaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir an méid ḃaineas liom atá sé d’á ċóiṁlíonaḋ.


agus ḃí Íosa ag siuḃal sa teampall i bpóirse Ṡolaiṁ.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Do laḃras go foscailte leis an saoġal; do‐ġnínn teagasc i gcóṁnaiḋe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinniġeann na h‐Iúdaiġ uile le ċéile; níor laḃras éinniḋ fá ċeilt.


Agus an lá deireannaċ de’n ḟéile, an lá mór, do ṡeas Íosa agus do ġlaoḋ sé ós árd, Má tá tart ar aon duine, tagaḋ sé ċugam‐sa, agus ólaḋ sé.


Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampall arís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ċuige, agus do ṡuiḋ sé síos, agus do ḃí sé g á dteagasc.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan