Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus ṫáinig sé an treas uair, agus aduḃairt sé leo, Codlaiḋ anois, agus déanaiḋ suaiṁneas: is leor é; atá an uair tagṫa; féaċ, atá Mac an Duine d’á ṫaḃairt ar láiṁ do na peacaċaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus tig sé an tríoṁaḋ h-uair agus deir sé leo: Codluiġigiḋ anois agus déanaigiḋ ḃur scíste. Is leor sin: ṫáinic an uair; ḟéaċ, ḃéarḟar Mac an Duine isteaċ i láṁa na bpeacaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus ṫáinig sé an tríṁaḋ h-uair agus duḃairt sé leó: Deiniḋ codlaḋ anois agus suaiṁneas. Ní beag é: tá an uair tagaiṫe; féaċ, taḃarfar Mac an Duine ar láṁaiḃ na bpeacaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus táinic sé an treas úair, agus a duḃairt sé riú, Codluiḋ a nois, agus coiṁnuiġiḋ: is lór sin, ṫainic an úair; féuċ, do ḃeirṫear Mac an duine a láṁuiḃ na bpeacṫaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:41
23 Iomraidhean Croise  

Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ.


Agus d’imṫiġ lúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, ċum uaċtarán na sagart, ċum go dtiuḃraḋ sé ar láiṁ ḋóiḃ é.


Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé.


Agus d’imṫig sé aċar gearr uaṫa, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus do ġuiḋ sé go raċaḋ an uair ṫairis, dá mb’ ḟéidir é.


Agus ṫáinig sé arís, agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, mar do ḃí a súile an‐trom agus ní raiḃ a ḟios aca créad é an freagra do ḃéarfaidís air.


Éiriġiḋ, bímís ag imṫeaċt, an té a ḃraiṫfeas mé atá sé i ḃfogas dúinn.


Agus aduḃairt sé leo, Is breáġ mar ċuireann siḃ aiṫne Dé ar neaṁ‐niḋ, ċum ḃúr sean‐ġnáis féin do ċleaċtaḋ.


Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá.


Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine.


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Do laḃair Íosa na briaṫra sin i n‐áit an ċiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor ċuir aon duine láṁ air, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan