Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus aduḃairt sé, Abbá, a Aṫair, atá gaċ niḋ ar ċumas duit; cuir an cupán so ḋíom: ná déantar, áṁ, an niḋ is toil liom‐sa, aċt an niḋ is toil leat‐sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus duḃairt sé: Abba, a Aṫair, tá gaċ níḋ ar do ċumas-sa, beir uaim an ċailís seo, aċt ní h-é an rud is toil liom-sa, aċt an rud is toil leat-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus duḃairt sé: Abba, a Aṫair, tá gaċ níḋ ar do ċumas; cuir an ċailís seo i leiṫ taoiḃ uaim; ná deintear áṁṫaċ, an níḋ is toil liom-sa, aċ an níḋ is toil leat-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus a duḃairt sé, Abbá, a Aṫair, a tá gaċ ní soiḋéanta ḋuitsi; cuir an cupánso ṫoramsa: giḋeaḋ nár ab é an ní ḃus toil leamsa, aċd an ní ḃus toil leaċdsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:36
22 Iomraidhean Croise  

Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se.


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se urnaiġe mar seo: Ár nAṫair atá ar neaṁ, go naoṁuiġtear t’ainm;


Agus ag féaċain d’Íosa orṫa, aduḃairt sé, Ní féidir do ḋaoiniḃ é, aċt ní mar sin do Ḋia; óir is féidir le Dia gaċ uile niḋ do ḋéanaṁ.


Agus aduḃradar leis, Is féidir linn. Agus aduḃairt Íosa leo, An cupán ólaim‐se, ólfaiḋ siḃ‐se é; agus baistfear siḃ sa mbaisteaḋ ḟuilingeoċas mé:


Ṫáinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, agus aduḃairt sé le Peadar, A Ṡíomóin, an id’ ċoḋlaḋ atáir‐se? An aṁlaiḋ nár ḟéadais faire aon uaire aṁáin do ḋéanaṁ?


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


Agus Malċus ab ainm do’n tseirḃíseaċ. Agus aduḃairt Íosa le Peadar, Cuir do ċlaiḋeaṁ ar ais ’n‐a ṫruaill: an cupán ṫug an t‐Aṫair le n’ól dom, naċ n‐ólfad é?


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Ní ḟéadaim‐se éinniḋ do ḋéanaṁ uaim féin: de réir mar ċluinim do‐ḃeirim breiṫ: agus atá mo ḃreiṫ ceart; óir ní h‐í mo ṫoil féin loirgim, aċt toil an té do ċuir uaiḋ mé.


Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair.


agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin.


má éiriġmíd‐ne neiṁ‐ḋílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do ṡéanaḋ.


i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan