Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus tar a éis dóiḃ iomann do ċanaḋ, do ċuadar amaċ go cnoc na nOla‐ċrann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus i ndiaiḋ dán a ġaḃáil, dʼimṫiġ siad amaċ go Sliaḃ na gCrann Ola.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus tar éis an iomuin do ġaḃáil dóiḃ ċuadar go Cnoc na n-Ola-ċrann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus an tan do ċanadar salm, do ċúadar a maċ go slíaḃ na Noluiġeaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:26
13 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do ḃíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus ṫángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐ċrann, do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisceabal, g‐á ráḋ leo,


Agus tar a éis dóiḃ iomann do ċanaḋ, do ċuadar amaċ go Cnoc na nOla‐ċrann.


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ólfad feasta de ṫoraḋ na fíneaṁna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoġaċt Dé.


Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, go cnoc na nOla‐ċrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a ḋiaiḋ.


Nuair do ḃí na briaṫra sin ráiḋte ag Íosa, do ċuaiḋ sé amaċ mar aon le n‐a ḋeisceablaiḃ ṫar sruṫ Ċedron, mar a raiḃ garrḋa, agus do ċuaiḋ sé féin isteaċ ann i n‐éinḟeaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ.


Aċt timċeall uaire an ṁeaḋoin oiḋċe do ḃí Pól agus Sílas ag urnaiġe agus ag canaḋ iomann do Ḋia, agus na príosúnaiġ ag éisteaċt leo;


Créad eile má’s eaḋ? Déanfad urnaiġe leis an spiorad, agus déanfad urnaiġe leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ: canfad leis an spiorad, agus canfad leis an tuigsin ċinn, ċóṁ maiṫ.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


An ḃfuil aon duine ’n‐ḃur measc ag fulang? Déanaḋ sé urnaiġe. An ḃfuil aon duine ríméadaċ? Déanaḋ sé laoiḋ molta do ċanaḋ.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan