Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus nuair a ḃí siad ina suiḋe agus ag caiṫeaṁ bíḋ, duḃairt Íosa: Amén adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ atá ag iṫe i mo ċuideaċta mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus nuair a ḃíodar ’n-a suiḋe agus ag iṫe, duḃairt Íosa: Go deiṁin a deirim liḃ, tá duine agaiḃ-se, atá ag iṫe am ṫeannta, agus díolfaiḋ sé mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus an tan do ṡuiḋeadar agus do ċaiṫeadar bíaḋ, a duḃairt Iósa, A deirim riḃ go fírinneaċ, Go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi noċ a tá ag iṫe bíḋ am ḟoċair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:18
36 Iomraidhean Croise  

agus le linn dóiḃ ḃeiṫ ag iṫe, aduḃairt sé, Adeirim liḃ go fírinneaċ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ‐se mé.


Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


Ar an aḋḃar sin, nuair ḃíos tú ag taḃairt déirce, ná séid aon aḋarc róṁat, mar do‐ġní luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ ins na sionagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, d’ḟonn onóir d’ḟáġáil ó na daoiniḃ. Go fírinneaċ adeirim liḃ go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe.


Aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Naċ ḃfuil aon duine d’ḟág teaċ, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó máṫair, nó aṫair, nó clann, nó talta ar mo ṡon‐sa, agus ar son an tsoiscéil,


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig sé i n‐éinḟeaċt leis an dá‐réag.


Agus ṫáinig cuṁa orṫa, agus do ṫosnuiġeadar ar a ráḋ leis, ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, An mise é?


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ólfad feasta de ṫoraḋ na fíneaṁna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoġaċt Dé.


Agus adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé áit ar fud an doṁain uile ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníoṁ atá déanta ag an mnaoi seo, mar ċuiṁne uirṫi.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Maiṫfear do ċlannaiḃ daoine a bpeacaiḋe go léir, agus gaċ dia‐ṁaslaḋ d’á ndéanfaid:


Agus cibé áit naċ nglacfaiḋ siḃ, agus naċ n‐éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt daoiḃ as an áit sin, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃonnaiḃ ḃúr gcos mar ḟiaḋnaise ’n‐a n‐aġaiḋ.


Agus do leig sé osna ó íoċtar a anma, agus aduḃairt sé, Cad ċuige do’n ċinéal so ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁarṫa? Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní taḃarfar aon ċóṁarṫa do’n ċinéal so.


Agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá ’n‐a seasaṁ annso, agus ní ḃlaisfid‐sean an bás nó go ḃfeicid ríoġaċt Dé ag teaċt i gcuṁaċt.


Agus cibé duine ḃéarfas cupán uisce le n’ól daoiḃ im’ ainm‐se, de ḃriġ gur daoine le Críost siḃ, adeirim liḃ go fírinneaċ, naċ gcaillfiḋ sé a luaċ‐saoṫair.


ó ḟuil Aibéil go fuil Ṡaċariais do marḃaḋ idir an altóir agus an sanctóir: go fírinneaċ adeirim liḃ, éileoċar é ar an gcineaḋ so.


Aċt féaċ, atá láṁ an té atá ’gam’ ḃraiṫ ar an mbórd im’ ḟoċair.


Agus aduḃairt sé, Ní glactar le fáiḋ ar biṫ ’n‐a ḋúṫaiġ féin.


Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


Ní ḟuilim ag laḃairt oraiḃ uile: atá a ḟios agam na daoine do ṫoġas: áċt ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, An té iṫeas mo ċuid aráin do ṫóg sé a ṡál im’ ċoinniḃ.


Ar n‐a ráḋ sin d’Íosa, do ḃí sé go buaiḋearṫa ’n‐a spioraid, agus do ḋearḃuiġ sé, agus aduḃairt, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ mé.


Do ḋearc na deisceabail ar a ċéile, agus mearḃall orṫa i dtaoḃ an té d’á mbéaḋ sé ag tagairt.


D’ḟreagair Íosa, An dtiuḃraiḋ tú t’anam ar mo ṡon? Go fírinneaċ adeirim leat, Ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sara séanfair trí h‐uaire mé.


Go fírinneaċ, adeirim leat, Nuair do ḃí tú óg, do ċuirṫeá do ċrios umat, agus do ṡiuḃalṫá id’ roġa áite; aċt nuair ḃéas tú aosta, sínfiḋ tú amaċ do láṁa, agus cuirfiḋ duine eile an crios umat, agus tógfaiḋ sé ṫú i n‐áit naċ áil leat.


Go firinneaċ adeirim leat, Innsimíd an niḋ atá ar eolas againn, agus do‐ḃeirimid fiaḋnaise i dtaoḃ a ḃfacamar: agus ní ġlacann siḃ ár ḃfiaḋnaise.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


D’á ḃriġ sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní ḟéadann an Mac éinniḋ do ḋéanaṁ uaiḋ féin, aċt an méid do‐ċí sé ag an Aṫair d’á ḋéanaṁ: óir cibé neiṫe do‐ġní seisean, do‐ġní an Mac iad ar an gcuma ċéadna.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní mar ġeall ar na cóṁarṫaiḃ do ċonnacaḃar atá siḃ ’gam’ lorg, aċt de ċionn gur iṫeaḃar na bollóga, agus gur sásuiġeaḋ siḃ.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Níorḃ é Maois ṫug an t‐arán ó neaṁ daoiḃ; aċt is é m’Aṫair do‐ḃeir an fíor‐arán ó neaṁ daoiḃ.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té ċreideas, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Nár ṫoġas‐sa siḃ‐se, dáréag, agus duine agaiḃ ’n‐a ḋiaḃal?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan