Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann os cóṁair an teampaill, d’ḟiafruiġ Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leiṫliġ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus nuair a ḃí sé ina ṡuiḋe ar Ṡliaḃ na gCrann Ola ós coinne an teampaill, ċeistiġ Peadar agus Séamus agus Eoin agus Aindrias i leat taoiḃ é:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ar Ċnoc na n-Olaċrann ar aġaiḋ an teampail, agus ḃí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ġá ḟiafraiġe ḋe, ar leiṫliġ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar mbeiṫ na ṡuiḋe ḋó ar ṡlíaḃ na Noluiġeaḋ as coṁair an teampuill, do ḟiafruiġ Peadar agus Séumas agus Eóin agus Aindrías ós íseall de,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:3
13 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig na deisceabail, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a laḃrann tú leo i saṁlaoidiḃ?


Annsin d’ḟág sé na sluaiġte, agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ: agus ṫáinig a ḋeisceabail ċuige, g‐á ráḋ, Míniġ ḋúinn saṁlaoid an ċogail sa ngort.


Agus sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a ḋearḃráṫair‐sean, agus do rug sé suas iad ar ṡléiḃ árd fá leiṫ: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné os a gcóṁair:


Agus nuair do ḃíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus ṫángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐ċrann, do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisceabal, g‐á ráḋ leo,


Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail?


Agus ṫáinig ċuige Séamas agus Eoin, mic Ṡebedé, agus aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, ba ṁian linn go ndéanfá ḋúinn cibé niḋ iarrfaimíd ort.


Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe seo? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe seo uile ag teaċt ċum críċe?


Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ‐eaglaċ, do‐brónaċ.


agus níor laḃair sé leo aċt i saṁlaoidiḃ: aċt do ṁíniġ sé gaċ aon niḋ i leaṫtaoiḃ d’á ḋeisceablaiḃ féin.


Agus níor leig sé d’aoinneaċ teaċt leis, aċt Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais.


Agus i gceann sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫreoruiġ sé iad ’n‐a n‐aonar fá leiṫ suas ar ṡliaḃ árd: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné ’n‐a ḃfiaḋnaise:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan