Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus annsin cuirfiḋ sé a aingil amaċ, agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó ḟír‐imeall an doṁain go fír‐imeall neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus annsin cuirfiḋ sé a aingle amaċ, agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin as na ceiṫre h-áirde, ó ḟír-imeall talaiṁ go fír-imeall neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus ansan cuirfiḋ sé a aingil amaċ agus cruinneóċaiḋ sé a ḟíoraoin ó sna ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó ḟíor-imeall an tailiṁ go fíor-imeall neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus cuirfiḋ sé a aingil an tansin, agus cruinnéoċuiḋ sé a ḋáoine toġṫa fein ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal na talṁan go leiṫimeal neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:27
27 Iomraidhean Croise  

Éireoċaiḋ bainríoġan an deiscirt sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ an ġeinealaiġ so, agus daorfaiḋ sise é: óir ṫáinig sí ó ḟoirċeann an doṁain ċum éisteaċta le n‐eagna Ṡolaiṁ; agus féaċ, atá duine is mó na Solaṁ annso.


Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ, agus baileoċaiḋ siad as a ríoġaċt gaċ aḋḃar scannail, agus luċt déanta an uilc,


Mar sin ḃéas i ndeireaḋ an tsaoġail: tiocfaiḋ na h‐aingil amaċ, agus deaġlóċaid na droċ‐ḋaoine as lár na ḃfíréan,


Agus muna mbéaḋ gur giorruiġeaḋ na laeṫe sin, ní fuasclóċaiḋe aon duine beo: aċt ar son na ḃfíréan toġṫa giorróċar na laeṫe sin.


Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Agus muna mbéaḋ go raiḃ na laeṫe ciorrḃuiġṫe ag an Tiġearna, ní ṫiocfaḋ aon duine slán as: aċt ar son na ḃfíréan atá toġṫa aige, do ċiorrḃuiġ sé na laeṫe.


óir éireoċaiḋ Críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantais, d’ḟonn na fíréin féin do ṁeallaḋ, dá mb’ ḟéidir é.


Foġlamaiḋ ceaċt ó’n gcrann fige: nuair ḃíos a ġéag bog, agus an duilleaḃar ag teaċt uirṫi, atá a ḟios agaiḃ go ḃfuil an saṁraḋ i aṫċom‐aireaċt:


Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.


Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe?


Agus atá caoiriġ eile agam, naċ mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan ṫaḃairt, leis, agus éistfiḋ siad lem’ ġlór; agus béiḋ aon ċró agus aon aoḋaire aṁáin ann.


Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe.


Cia h‐é ċuirfeas cúis ar ṁuinntir ṫoġṫa Dé? Is é Dia ḟíréanuiġeas: cia h‐é ḋaorfas?


D’á ḃriġ sin, mar ḋéanfaḋ clann toġṫa Dé, naoṁṫa agus ionṁain, cuiriḋ umaiḃ croiḋe trócaire, muinntearas, uṁlaċt, macántaċt, fad‐ḟulang;


I dtaoḃ a mbaineann le teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, agus le n‐ár gcóṁċruinniú fá n‐a ċóṁair,


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan