Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 12:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Óir is d’á n‐acfuinn do ċuireadar‐san ann aċt do ċuir sise ann, d’á dealḃas, a raiḃ aici, a cuid de’n tsaoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Óir ṫug siad-san uilig as an méid a ḃí acu ḟá ḟlúirse, aċt as a ganntanas ṫug sí seo a raiḃ aice, a cuid deʼn tsaoġal go h-uile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Óir do ċuir an ċuid eile ann as a ḃflúirse, aċ do ċuir sí seo ann, d’á dealḃas, a raiḃ aici, a cuid an tsaoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Oír is don ní do ḃí diomarcaiġ aca do ċuireadarsan uile ann; aċt do ċuir sí so ann ḋá dáiḃreas féin, a ráiḃ aice.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 12:44
16 Iomraidhean Croise  

Agus do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mó do ċuir an ḃaintreaḃaċ ḃoċt so isteaċ ’ná iad‐san uile d’á ḃfuil ag cur niḋ ann:


Do rinne sí an niḋ do b’ḟéidir léi: d’ong sí mo ċorp roiṁ ré fá ċóṁair a aḋlaċta.


agus aduḃairt an mac do b’óige le n‐a aṫair, A aṫair, taḃair ḋom an ċuid ded’ ṁaoin atá ag dul dom. Agus do roinn sé a ṁaoin eadorṫa.


aċt an mac so leat, go ḃfuil do ċuid ídiġṫe aige le méirdreaċaiḃ, nuair ṫáinig seisean, do ṁarḃais dó‐san an laoġ biaḋta.


Agus bean ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag, agus go raiḃ a maoin iomlán caiṫte aici ar liaġaiḃ, agus gan leiġeas le fáġáil aici ó ḋuine aca,


Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan