Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 12:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 An dtiuḃraimíd i, nó naċ dtiuḃraimíd? Aċt d’aiṫin seisean a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm? taḃraiḋ pinginn ċugam go ḃfeicead í.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt ó bʼeol dó a ngliocas, duḃáirt sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag cur féaċála orm? Taḃairigiḋ ċugam piġinn go ḃfeiciḋ mé í.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Aċ do ċonaic sé an feall a ḃí ionta, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ am’ braṫ? Tugaiḋ ċuġam píosa airgid go ḃfeicead é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 An dtiuḃrum, no naċ dtiuḃrum? Agus ar naiṫne a cceilge ḋósan, a duḃairt sé riú, Créd fá ccurṫáoi caṫuġaḋ oram? Taḃruiḋ ċugam piġinn, dá féuċain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 12:15
14 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do réiḋtiġ sé leis na h‐oibriḋṫiḃ ar ṗinginn sa ló, do ċuir sé isteaċ ’n‐a ḟíonġort iad.


Aċt d’aiṫin Íosa a mailís, agus aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ?


Agus ṫáinig na Fairisíniġ ċuige, agus d’ḟiafruiġeadar de, ’g‐a ṫriail. An dleaġṫaċ d’ḟear a ḃean do ċur uaiḋ?


Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?


Agus ṫugadar ċuige í. Agus aduḃairt sé leo, Cia leis an íoṁáiġ agus an scríḃinn seo? agus aduḃradar leis, Le Céasar.


Aċt d’aiṫin sé a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Taisbeánaiḋ pinginn dom.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


Aċt g‐á ṫriail aduḃradar é sin, le súil go ḃféadfaidís rud éigin do ċur ’n‐a leiṫ. Aċt do ċrom Íosa síos, agus do ḃí sé ag scríoḃaḋ le n‐a ṁéir ar an talaṁ.


Annsin aduḃairt Peadar léi, Caidé ṫug oraiḃ, beirt, froṁaḋ do ṫaḃairt ar Spiorad an Tiġearna? féaċ, atá cosa na ndaoine d’aḋlaic t’ḟear ag an doras, agus tógfaiḋ siad ṫusa amaċ.


Agus ná déanaimís froṁaḋ ar an Tiġearna, mar rinne cuid aca, gur scrios na naṫraċa iad.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan