Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 12:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ag teaċt dóiḃ, deir siad leis: A Ṁáiġistir, is eol dúinn go ḃfuil tú fírinneaċ, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ; óir ní dearcann tú ar ġnúis daoine, aċt teagascann tú sliġe Dé do réir na fírinne. An cóir cáin a ṫaḃairt do Ċaesar, nó naċ dtaḃarfamuro?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus ṫánadar ċuige agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní féaċann tú ċun gnúise aon duine, aċ slíġ Dé do múineaḋ do reir fírinne. An dleaġṫaċ cíos a ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol? An dtaḃarfam é nó an gcoimeádfam é?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus an tan ṫáinic síad, á duḃradar ris, A Ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinne go ḃfuil tusa firinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonduine: óir ní ḟéuċann tú ar ṗearsuinn na ndáoine, aċd múiniḋ tú sliġe Dé do réir ná fírinne: An ceaduiġeaċ cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 12:14
36 Iomraidhean Croise  

Agus do ċuireadar ċuige a ndeisceabail i n‐éinḟeaċt le muinntir Ioruaiṫ, g‐á ráḋ, A ṁáigistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus go múineann tú sliġe Dé i ḃfírinne, agus naċ ḃfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.


Innis dúinn, mar sin, créad é do ṁeas? An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?


Agus do ċuireadar ċuige cuid de na Fairisíneaċaiḃ, agus de ṁuinntir Ioruaiṫ, ċum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt.


An dtiuḃraimíd i, nó naċ dtiuḃraimíd? Aċt d’aiṫin seisean a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm? taḃraiḋ pinginn ċugam go ḃfeicead í.


Agus nuair ṫáinig sé, ar an láṫair do ċuaiḋ sé ċuige, agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir; agus ṫug sé póg dó.


an dleaġṫaċ ḋúinn cíos d’íoc le Céasar, nó gan a íoc?


Agus do ṫosnuiġeadar ar neiṫiḃ do ċur ’n‐a leiṫ, g‐á ráḋ, Fuaramar an fear so ag déanaṁ toirmisc i measc ár gciniḋ, agus ag cosc cánaċ do ṫaḃairt do Ċéasar, agus é g‐á ráḋ gur ab é féin Críost rí.


An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


Ar an aḋḃar sin is eaḋ íocas siḃ cáineaċa, óir is iad na h‐oifigí seirḃísiġ Dé, agus is leis an ngnó so go díreaċ do‐ġní siad a ndíċeall i gcóṁnaiḋe.


Óir ní mar an ṁór‐ċuid ḃímíd, ag truailliú Briaṫair Dé: aċt laḃraimíd i gCríost le fíre, mar ḃéaḋ ó Ḋia, i ḃfiaḋnaise Dé.


Óir má ċuirim doilġeas oraiḃ, cia h‐é ḟéadas soilġeas do ṫaḃairt dom munab é an té sin ar ċuireas doilġeas air?


Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ:


Mar sin de, de ḃriġ gur ab eol dúinn eagla an Tiġearna, táimíd d’iarraiḋ na daoine do spreagaḋ, agus aiṫniġeann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aiṫniġeann siḃ‐se ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ sinn, leis.


Ar an aḋḃar sin, ní aiṫniġmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raiḃ aiṫne againn ar Ċríost do réir na colna, ní ḟuil aiṫne againn air ar an gcuma sin anois.


Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.


Aċt uaṫa‐san ba ṁó le ráḋ (is cuma liom‐sa cionnas mar ḃíodar roiṁe sin: ní ġlacann Dia le pearsain an duine), iad‐san, adeirim, ba ṁó clú, níor roinneadar éinniḋ orm:


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan