Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 12:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 An é nár léiġeaḃar an scrioptúir seo: An ċloċ d’ar ḋiúltaiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

10 An é nár léiġ siḃ an scrioptúir seo: An ċloċ dár ḋiúltuiġ na saoir, tá cloċ ċoirnéil déanta dí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair an scriptiúir seo, An ċloċ ná glacfaḋ na saoir, isí atá ’n-a cloiċ ċinn cúinne;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 An né nár léuġaḃair an sgriobtúir so; An ċloċ do ḋíultadar na sáoir is í atá air na déanaṁ na ceann sa ċúainne:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 12:10
17 Iomraidhean Croise  

Aċt aduḃairt seisean leo, An é nár léiġeaḃar créad do‐rinne Dáiḃi, an tráṫ ’n‐a raiḃ ocras air féin, agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair;


Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, An é nár léiġeaḃar, an té do ċruṫuiġ na daoine ó ṫús, gur ċruṫuiġ sé fireann agus baineann iad, agus go nduḃairt sé,


Agus aduḃairt Íosa leo, Do‐ċluinim: nár léiġeaḃar riaṁ, As béal leanḃ agus naoiḋeanán cíċe fuarais molaḋ iomlán?


Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí: Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí, Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.


Aċt i dtaoḃ aiséiriġṫe na marḃ, nár léiġeaḃar a nduḃairt Dia liḃ,


Aċt i dtaoḃ na marḃ, go n‐aiséiriġeann siad; nár léiġeaḃar i leaḃar Ṁaoise, mar a dtráċtar ar an sceiċ, cionnas do laḃair Dia leis, ’g‐a ráḋ, Is mise Dia Abraċaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib?


Créad do‐ġéanas tiġearna an ḟíon‐ġuirt annsin? tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na scológa, agus do‐ḃéarfaiḋ sé an fíon‐ġort do ḋaoiniḃ‐eile.


Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta ’n‐a seasaṁ san áit naċ dual (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teiċidís ċum na gcnoc:


Agus aduḃairt seisean leo, An é nár léiġeaḃar riaṁ an niḋ do rinne Dáiḃi, nuair do ḃí gáḃatar air, toisc go raiḃ ocras air féin agus orṫa‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leis?


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, An é nár léiġeaḃar i dtaoḃ Ḋáiḃi, an tráṫ ’n‐a raiḃ ocras air féin, agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair;


fá mar tá scríoḃṫa, Féaċ, cuirim i Síon ceap tuisliḋ agus carraig scannail, Agus cibé ċreideas ann, ní náireoċar é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan