Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 11:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Aċt má adeirmid, Ó ḋaoiniḃ, do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir do ḃí na daoine uile ar aon aigne gurḃ ḟáiḋ Eoin dá ríriḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus má demimíd: Ó ḋaoine, tá eagla orainn roiṁ an ṗobal, óir bʼé a meas uilig ar Eoin gurḃ ḟáiḋ go fíor é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus má deirimíd gur ḃ’ ó ḋaoine é, is baoġal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáiḋ dáiríriḃ ab eaḋ Eóin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur ḃfáiḋ é go fírinneaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 11:32
15 Iomraidhean Croise  

Aċt cad ċuige a ndeaċaiḋ siḃ amaċ? Ċum fáiḋ d’ḟeicsin? Go fírinneaċ adeirim liḃ, gur mó é ’ná fáiḋ?


Agus nuair ba ṁian leis a ċur ċum báis, do ḃí eagla an ṗobail air, óir ba é a dtuairim gurḃ fáiḋ é.


Agus nuair ṡanntuiġeadar greim d’ḟáġáil air, do ḃí eagla orṫa roiṁ na daoiniḃ, óir do ṁeasadar‐san gurḃ ḟáiḋ é.


Agus do‐rinneadar‐san diospóireaċṫ le n‐a ċéile, ’g‐á ráḋ. Má adeirmid, Ó neaṁ; adéarfaiḋ seisean, Má ’seaḋ, cad ċuige nár ċreideaḃar é?


Agus d’ḟreagradar Íosa, agus aduḃradar, Ní ḟuil a ḟios againn. Agus aduḃairt Íosa leo, Ní mó inneósad‐sa ḋaoiḃ‐se cia an t‐uġoarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ.


Agus do ḃíodar ag iarraiḋ faille ċum greim d’ḟáġáil air, aċt do ḃí eagla an ṗobail orṫa; óir do ṫuigeadar gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin: agus d’ḟágadar é agus d’imṫiġeadar.


óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus uaċtaráin na sagart ag iarraiḋ greim láiṁe d’ḟáġáil air an t‐am sin féin; agus do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir ba léir ḋóiḃ gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin.


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag iarraiḋ cionnas ċuirfidís ċum báis é; óir do ḃí eagla na ndaoine orṫa.


Agus ṫáinig a lán daoine ċuige; agus aduḃradar, Ní ḋearna Eoin míorḃail ar biṫ: aċt gaċ a nduḃairt Eoin i dtaoḃ an ḟir seo, do b’ḟíor é.


Annsin d’imṫiġ an ceannṗort i n‐éinḟeaċt leis na h‐oifigeaċaiḃ, agus ṫug sé leis iad, gan aon éigean; óir do ḃí eagla an ṗobail orṫa, go ngaḃfaiḋe de ċloċaiḃ orṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan