Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 11:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Nuair a ċuala uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe sin, ḃí siad ar lorg sliġe ċun é ċur ċun báis; aċt ḃí eagla orṫa roiṁe, óir ḃí an sluaġ uilig ag déanaṁ iongantais dá ṫeagasc.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag éisteaċt leis, agus ḃíodar ag maċtnaṁ féaċaint conus a ṫiocfaidís ar é ṁarḃú; óir ḃí eagla acu roimis, mar ḃí na daoine go léir ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do ċúaladar na sgríobuiḋe agus uaċdárain na sagart so, agus do ḃádar ag íarruiḋ cionnus do ṁilltidís é: Oír do ḃi eagla orrṫa roiṁe, do ḃríġ go raiḃ iongantus ag an tslúaġ uile an a ṫeagasg.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 11:18
26 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair do ċonnaic uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe na rudaí éaċtaċa do‐rinne sé, agus na leanḃaí do ḃí ag glaoḋaċ ós árd sa teampall, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; ṫáinig fearg orṫa, agus aduḃradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so?


Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc:


Agus do ċuir a ṫeagasc iongnaḋ orṫa: óir do ṫeagaisc sé iad mar ḋuine ag a raiḃ uġdarás, níorḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe é.


Aċt má adeirmid, Ó ḋaoiniḃ, do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir do ḃí na daoine uile ar aon aigne gurḃ ḟáiḋ Eoin dá ríriḃ.


Agus do ḃíodar ag iarraiḋ faille ċum greim d’ḟáġáil air, aċt do ḃí eagla an ṗobail orṫa; óir do ṫuigeadar gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin: agus d’ḟágadar é agus d’imṫiġeadar.


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.


óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Agus do ḃí sé ag teagasc gaċ lá sa teampall. Aċt do ḃí uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus cinnirí an ṗobail ag iarraiḋ faille le n‐a ṁilleaḋ:


agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé.


Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus uaċtaráin na sagart ag iarraiḋ greim láiṁe d’ḟáġáil air an t‐am sin féin; agus do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir ba léir ḋóiḃ gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin.


Agus ṫugadar go léir an‐aire ḋó, agus do‐rinneadar iongnaḋ de ġrás na mbriaṫar ṫáinig ó n‐a ḃéal; agus aduḃradar, Naċ é mac Ṡeosaiṁ é seo?


I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis.


Naċ dtug Maois an reaċt daoiḃ, agus gan duine agaiḃ ag cóiṁlíonaḋ an reaċta? Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ?


D’ḟreagair na maoir, Níor laḃair aon duine riaṁ mar laḃrann an fear so.


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan