Marcus 11:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Agus ṫángadar go h‐Iarúsalem: agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa teampall, agus do ṫosnuiġ sé ar an dream do ḃí ag díol agus ag ceannaċ sa teampall do ṫiomáin amaċ as, agus do leag sé ar lár búird luċta an airgid do ṁalairt, agus suiḋeaċáin luċta na gcolm do ḋíol; Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)15 Agus tig siad go h-Ierusalem. Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ san teampall, ṫoisiġ sé a ṫiomáint amaċ na ndaoine a ḃí ag díol agus ag ceannaċ san teampall, agus leag sé táblaí na malartóirí airgid agus caṫaoireaċa luċt díolta na gcolmán, Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Agus ṫanadar go Ierúsalem. Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ sa teampul do ċrom sé ar an muintir a ḃí ag díol agus ag ceannaċ ann do ċomáint amaċ as, agus ar na bórdaiḃ a leagaḋ ar luċt an airgid do ṡóinseáil, agus ar na caṫaoireaċa do leagaḋ ar luċt na gcolúr a ḋíol. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)15 Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeaċ don teampoll Díosa, do ṫionnsgain sé an dream do ḃí ag reic agus ag ceannaċ ann sa teampoll, da ċur a maċ agus do ṫeilg sé air lár buird luċd malarta an airgid, agus caiṫireaċa luċd reaca na gcolum; Faic an caibideil |