Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Créad ba ṁian leat do‐ġéanainn duit? Agus aduḃairt an dall leis, A Ṁáiġistir, mo raḋarc ṫaḃairt dom.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Agus dʼḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Cad é is coil leat go ndéanfainn duit? Agus duḃairt an dall leis: A Ṁáiġistir, aṁarc mo ṡúl dʼḟaġáil.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé: Cad ba ṁaiṫ leat a ḋéanfainn duit? Agus duḃairt an dall: Raḋarc a ṫaḃairt dom, a Ṫiġearna.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris, Créud is mían leaċd misi do ḋéunaṁ ḋuit? Aċd a duḃairt an dall ris, A ṁaiġisdir, mo raḋarc aiseag ḋaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:51
11 Iomraidhean Croise  

agus omós d’ḟáġáil i n‐áiteannaiḃ an ṁargaiḋ, agus an sluaġ ag taḃairt Rabbí orṫa.


Aċt ná tugtar Rabbí oraiḃ‐se: óir ní ḟuil agaiḃ aċt aon Ṁáiġistir aṁáin, agus is bráiṫre siḃ uile.


Uime sin ná biḋiḋ cosṁail leo‐san; óir is eol d’ḃúr n‐Aṫair gaċ a mbíonn uaiḃ sara n‐iarrfaiḋ siḃ air é.


Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad do b’áil liḃ do‐ġéanainn daoiḃ?


Agus do ċaiṫ seisean a ḃrat de, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ, agus ṫáinig sé ċum Íosa.


Aduḃairt Íosa léi, A Ṁáire! D’iompuiġ sí, agus aduḃairt sí as Eaḃrais, A Rabbóní! (is é sin le ráḋ, A Ṁáiġistir.)


Agus rug an t‐árd‐ċaiptín ar láiṁ air, agus d’imṫiġ sé leis i leaṫtaoiḃ, agus aduḃairt, Créad é seo atá agat le n’innsin dom?


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan