Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus nuair do‐ċuala sé gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫosnuiġ sé ar ġlaoḋaċ, agus ar a ráḋ, A Íosa, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Agus nuair a ċuala sé gurḃ é Íosa as Nasair a ḃí ann, ṫoisiġ sé a scairtiġ agus a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus nuair airiġ sé gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ann, ċrom sé ar ġlaoḋaċ agus ar a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus an tan do ċúaliuiḋ sé gur be Iósa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫionnsgain sé éiġṁe, agus a ráḋ, A Iósa ṁic Ḋaiḃí, déana trócaire orum.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:47
24 Iomraidhean Croise  

Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost, mic Ḋáiḃí, mic Abraċaim.


Agus do ḃí iongnaḋ mór ar na sluaiġtiḃ, agus aduḃradar, An é seo mac Ḋáiḃi?


Agus féaċ, ṫáinig bean Ċanáníteaċ amaċ as na críoċaic sin, agus do liúiġ sí, g‐á ráḋ, Déan ṫrócaire orm‐sa, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃi; atá m’inġean d’á ciapaḋ go millteaċ ag deaṁan.


agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus féaċ, beirt dall do ḃí ’n‐a suiḋe le cois an ḃealaiġ, nuair do‐ċualadar gurḃ é Íosa do ḃí ag gaḃáil ṫart, do liúġadar, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orainn.


Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus na sluaiġte do ḃí ar tosaċ roiṁe, agus siad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, do tógadar gáir, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna; Hósanná ins na h‐áiteannaiḃ is aoirde!


Agus nuair do ḃí sé imṫiġṫe amaċ sa bpóirse, do ċonnaic cailín eile é, agus aduḃairt sí leo‐san do ḃí ann, Do ḃí an fear so, leis, i ḃfoċair Íosa Nasarḋa.


Agus ag imṫeaċt d’Íosa as an áit sin, do lean beirt dall é ag éiġiṁ, agus g‐á ráḋ, Déan trócaire orainne, a ṁic Ḋáiḃi.


Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus ṫáinig sé go Nasair, mar ar h‐oileaḋ é, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabóide, isteaċ sa tsionagóig, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ ċum léiġṫeoireaċt do ḋéanaṁ.


Agus aduḃairt Natanaél leis, An féidir aon niḋ maiṫ do ṫeaċt ó Nasair? Aduḃairt Pilib leis, Tar go ḃfeiciḋ tú.


Agus do scríoḃ Píoláid tiodal, agus do ċuir sé ar an gcrois é. Agus is é do ḃí scríoḃṫa, ÍOSA NASARḊA, RÍ NA N‐IÚDAĊ.


Aċt aduḃairt dream eile, An ó’n nGalilé atá an Críost le teaċt?


D’ḟreagradar agus aduḃradar leis, An as an nGalilé ḋuit‐se, leis? Cuarduiġ, agus ċífir naċ n‐éiriġeann aon ḟáiḋ ó’n nGalilé.


Oir do‐ċualamar é g‐á ráḋ, go scriosfaiḋ an t‐Íosa Nasarḋa so an áit seo, agus go n‐aṫróċaiḋ sé na cleaċta ṫug Maois dúinn.


Atá m’aingeal curṫa agam‐sa, Íosa, ċum na neiṫe seo do ḋearḃú ḋaoiḃ ins na h‐eaglaisiḃ. Is mise fréaṁ agus slioċt Dáiḃí, réalta ġlé‐ġeal na maidne.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan