Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Aċt ní mar sin daoiḃ‐se: aċt cibé duine gur mian leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a ṡeirḃíseaċ agaiḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Aċt ní mar sin a ḃíos sé eadraiḃ-se, aċt cibé ar mian leis ḃeiṫ ina ḋuine ṁór, béiḋ sé ina ḟreastalaiḋe agaiḃ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Ní mar sin, áṁṫaċ, daoiḃ-se, aċ an t-é gur mian leis ḃeiṫ os ḃur gcionn. beiḋ sé ’n-a ṡeirḃíseaċ agaiḃ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Aċd ċeana ní mar sin ḃías sé eadruiḃsi: aċd giḋ bé lé nab mian ḃeiṫ na ḋuine ṁór ḃur meásgsa, bíaiḋ sé na óglaċ aguiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:43
15 Iomraidhean Croise  

Agus do ġlaoḋ Íosa ċuige iad, agus aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ na daoine go luaiḋtear cuṁaċt do ḃeiṫ aca ar na Pagánaċaiḃ, go gcuirid‐sean smaċt orṫa; agus go mbíonn forláṁas ag a mór‐uaisliḃ orṫa.


agus cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ar tosaċ eadraiḃ, caiṫfiḋ sé ḃeiṫ ’n‐a scláḃaiḋe ag cáċ.


Agus do ṡuiḋ sé, agus do ġlaoḋ sé an dá‐réag ċuige; agus aduḃairt sé leo, Aon duine lé’r mian ḃeiṫ i dtosaċ, is eisean ḃéas ar deireaḋ ar fad, agus ḃéas ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag cáċ.


Óir an té árduiġeas é féin, ísleoċar é; agus an té ísliġeas é féin, árdóċar é.


Adeirim liḃ go ndeaċaiḋ sé seo síos aḃaile agus é fíréanuiġṫe de ḃreis ar an duine eile: óir gaċ duine árdóċas é féin uṁlóċar é, aċt an té uṁluiġeas é féin árdóċar é.


Aċt ní mar sin daoiḃ‐se: aċt an té is mó eadraiḃ, bíoḋ sé mar an té is óige; agus an té is áirde oraiḃ mar an té do‐ġní frioṫáileaṁ.


agus aduḃairt sé leo, Cibé duine ġlacfas ċuige an leanḃ beag so im’ ainm‐se, glacann sé mise: agus cibé duine ġlacfas mise ċuige, glacann sé ċuige an té do ċuir uaiḋ mé: óir an té is luġa eadraiḃ uile, is é is mó.


D’ḟreagair Íosa, Ní de’n tsaoġal so mo ríoġaċt: dá mba de’n tsaoġal so mo ríoġaċt do ṫroidfeaḋ mo ṁuinntear, ċum naċ dtiuḃarṫaí mé ar láiṁ do na h‐Iúdaċaiḃ: aċt anois ní h‐as so dom’ ríoġaċt‐sa.


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan