Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 ’g‐a ráḋ, Féaċaiḋ, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐ḃéarfar Mac an Duine d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do na scríoḃaiḋṫiḃ; agus daorfaid‐sean ċum báis é, agus do‐ḃéarfaid do na Págánaċaiḃ é:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Féaċ, támuid ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃéarfar Mac an Duine suas do uaċtaráin na sagart, agus do na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí, agus daorfaid siad ċun báis é, agus ḃéarfaiḋ siad suas do na ciniḋeaċa é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Féaċ, támíd ag dul suas go Ierúsalem, agus taḃarfar Mac an Dúine suas d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do sna Sgríḃneóiriḃ, agus dos na seanóiriḃ, agus daorfaid siad ċun báis é, agus taḃarfaid siad suas do sna geintiḃ é;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Oír féuċ, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim; agus do ḃéarṫar Mac an duine dúaċdaranuiḃ na sagart, agus do na sgríobuiḋiḃ; agus béuruid breiṫ ḃáis air, agus do ḃéaruid do na Cineaḋaċuiḃ é:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:33
23 Iomraidhean Croise  

Ó’n am sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar a ṁíniú d’á ḋeisceablaiḃ gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’ḟulang ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe é ċum báis, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


D’ḟreagradar agus aduḃradar, Atá bás tuillte aige.


agus do ċeangladar é, agus ṫugadar suas do Ṗíoláid an riaġaltóir é.


Do‐ċualaḃar an dia‐ṁaslaḋ: créad do‐ċítear daciḃ? Agus aduḃradar‐san d’aon ġuṫ go raiḃ bás tuillte aige.


Agus go moċ ar maidin, do ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i ndáil cóṁairle leis na seanóiriḃ, agus leis na scríoḃaiḋṫiḃ agus leis an gcóṁairle iomláin, agus do ċeangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus ṫugadar do Ṗíoláid é.


Agus do ṫosnuiġ sé ar a innsint dóiḃ, go gcaiṫfeaḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe ċum báis é, agus go n‐éireoċaḋ sé tar éis trí lá.


Agus aduḃairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deiṁin, agus aṫnuaḋann sé gaċ uile niḋ: agus cionnas atá scríoḃṫa i dtaoḃ Ṁic an Duine, go gcaiṫfiḋ sé mórán d’ḟulang agus ḃeiṫ fá ṫarcuisne?


Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá.


aċt do ġlaoḋadar amaċ, g‐á ráḋ, Céas, céas é.


g‐á ráḋ, Caiṫfiḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí, agus uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe é, agus go marḃóċaiḋe é, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Do ṫreoruiġeadar Íosa annsin ó Ċáiafas isteaċ sa bPraetorium; agus do ḃí moċ na maidne ann; agus ní ḋeaċadar féin isteaċ sa bPraetorium ċum naċ dtruailleoċaiḋe iad, aċt go n‐íosfaidís an ċáisc.


Ní dlistineaċ dúinne aon duine do ċur ċum báis: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Íosa, g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis do ḃí i ndán dó.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.


Óir na daoine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem, agus a riaġlóirí, toisc gan aiṫne ḃeiṫ aca airsean, agus gan eolas ḃeiṫ aca ar ḃriaṫraiḃ na ḃfáiḋ léiġtear gaċ sabóid, do ċóiṁlíonadar a nduḃradar g‐á ḋaoraḋ.


Agus féaċ, anois, atáim ag dul fá ċeangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a ḟios agam créad atá i ndán dom annsin:


Do ḋaoraḃar agus do ṁaraḃar an fíréan; ní ċuireann sé ’n‐ḃur gcoinniḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan