Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus do ḃíodar ar an sliġe, ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do ḃí Íosa ag siuḃal rómpa: agus do ḃí iongnaḋ orṫa: agus do ḃí eagla orṫa‐san agus iad ag leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ. Agus ṫug sé an dá‐réag i leaṫtaoiḃ arís, agus do ṫosnuiġ sé ar a innsin dóiḃ cad iad na neiṫe do ṫarlóċaḋ dó,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus ḃí siad ar an ḃealaċ ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃí Íosa ag siuḃal rompa, agus ḃí iongantas orṫa, agus ġá leanaṁaint dóiḃ, ḃí eagla orṫa. Agus ġaḃ sé ċuige an dáréag arís agus ṫoisiġ sé a innse ḋóiḃ na neiṫe a ḃí le tuitim amaċ dó:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus ḃíodar ar an slíġ ag dul suas go Ierúsalem; agus ḃí Íosa rómpa amaċ, agus ḃí iongna orṫa, agus ḃíodar ag teaċt ’n-a ḋiaiḋ agus eagal orṫa. Agus do tog sé an dáréag airís, agus ċrom sé ar a ḋ’innsínt dóiḃ cad a ḃí le tuitim amaċ dó:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus do ḃádar ar a tsliġe ag dul súas go Híerusaleim; agus do ḃí Iósa rompa: agus do ġaḃ iongantus íad; agus agá leanṁuin, do ġaḃ eagla íad. Agus ar mbreiṫ an dá ḟear ḋéug ḋó a ris, do ṫionnsgain sé na neiṫe do ṫeigéuṁaḋ ḋó dinnisin dóiḃ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:32
12 Iomraidhean Croise  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Agus ṫáinig uaṫḃás orṫa uile agus d’ḟiafruiġeadar díoḃ féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smaċt go h‐uġdarásaċ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana féin, agus géilleann siad dó.


agus níor laḃair sé leo aċt i saṁlaoidiḃ: aċt do ṁíniġ sé gaċ aon niḋ i leaṫtaoiḃ d’á ḋeisceablaiḃ féin.


Agus ag iompoḋ ċum a ḋeisceabal dó, aduḃairt sé ós íseal, Is aoiḃinn do na súiliḃ do‐ċí na neiṫe do‐ċí siḃ‐se:


Agus nuair do ḃí an méid sin ráiḋte aige, do ġluais sé ar aġaid, ag dul suas go h‐Iarúsalem.


Agus ṫarla, nuair do ḃí am a ḋeasgaḃála ag teaċt i ngiorraċt dó, gur ġlac sé de rún daingean aġaiḋ do ṫaḃairt ar Iarúsalem, agus do ċuir sé teaċtairí roiṁe:


Agus aduḃairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n‐a ċóṁ‐ḋeisceablaiḃ, Téiġmís‐ne mar an gcéadna, go ḃfaiġmís bás i n‐éinḟeaċt leis.


Aduḃairt na deisceabail leis, A Rabbí, do ḃí na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ gaḃáil de ċloċaiḃ ort le déiḋeannaiġe; agus an ag dul annsin arís atáir?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan