Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 naċ ḃfaiġiḋ a gcéad oiread san aois seo, tiġṫe, agus dearḃráiṫreaċa, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, mar aon le géir‐leanaṁain; agus an ḃeaṫa ṡíorraiḋe sa tsaoġal atá le teaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Naċ ḃfuiġiḋ a ċéad oiread anois ins an aimsir seo, tiġṫe, agus dearḃráiṫre, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, agus talaṁ, mar aon le géirleanaṁaint, agus beaṫa ṡíorraiḋe ar an tsaoġal atá le ṫeaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Ná faiġiḋ a ċéad oiread sa n-aimsir seo anois, tiġṫe, agus driṫáraċa agus driféaraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, agus talaṁ, mar aon le cráḋ; agus an ḃeaṫa ṡíoruiḋe sa tsaoġal atá le teaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Naċ ḃfuige sé a ċéud oiread a nois ann sa naimsirso, tiġṫe, agus dearḃraiċraċa, agus deirḃṡeaṫraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, agus dúṫaiḋ, maille ré hannró; agus ann sa tsáoġal a tá ag teaċd an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:30
32 Iomraidhean Croise  

Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.


agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an talaṁ maiṫ, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fá ċéad, cuid eile fá ṫrí fiċid, cuid eile fá ṫrioċaid.


Aċt loirgiḋ ar dtús ríoġaċt Dé agus a ḟíréantaċt, agus do‐ḃéarfar daoiḃ sa mbreis na neiṫe sin go léir.


ar son ríoġaċta Dé, naċ ḃfaġaiḋ i ḃfad níos mó san aois seo, agus sa tsaoġal atá le teaċt an ḃeaṫa ṡíorraiḋe.


agus ḃí Íosa ag siuḃal sa teampall i bpóirse Ṡolaiṁ.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Aċt timċeall uaire an ṁeaḋoin oiḋċe do ḃí Pól agus Sílas ag urnaiġe agus ag canaḋ iomann do Ḋia, agus na príosúnaiġ ag éisteaċt leo;


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


Agus ṫairis sin, is aḋḃar mórtais dúinn ár gcaṫuiġṫe féin; agus a ḟios againn go dtugann caṫú foiġid;


Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost,


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Agus déan cleaċtaḋ ar an diaḋaċt: óir is beag an tairḃe atá i n‐aclaiḋeaċt cuirp; aċt atá tairḃe le h‐aġaiḋ an uile niḋ san diaḋaċt, mar tá innti geallaṁain na beaṫaḋ atá ann anois, agus atá le teaċt.


Aċt is mór an t‐aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ, aċt sástaċt aigne ḃeiṫ i n‐éiḟeaċt leis:


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Féaċ, measaimíd gur ab aoiḃinn do na daoiniḃ d’ḟulaing go foiġdeaċ. Do ċualaḃar i dtaoḃ foiḋne lóib, agus do ċonnacaḃar an ċríoċ do ċuir an Tiġearna air; óir atá an Tiġearna lán de ṫruaiġ agus de ṫrócaire.


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan