Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus d’ḟéaċ Íosa ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Naċ deacair do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríoġaċt Dé!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ag aṁarc ṫart timċeall do Íosa, deir sé le n-a ḋeisciobail: Naċ deacair dóḃṫa sin a mbíonn saiḋḃreas acu dul isteaċ i ríoġaċt Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus d’ḟéaċ Íosa ’n-a ṫímpal agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Náċ deacair do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríġeaċt Dé!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus an tan do ḟéuċ Iósa na ṫimċeall, a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Créd é a ḋocaṁluiġe don ṁuinntir agá ḃfuil saiḋḃrios dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:23
13 Iomraidhean Croise  

agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ.


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine naċ nglacfaiḋ ríoġaċt Dé ar nós leinḃ, naċ raċaiḋ sé isteaċ innti ċoiḋċe.


Aċt ar gclos na cainnte sin dó, ṫáinig cuma an ḃróin ar a éadan, agus d’imṫiġ sé go h‐atuirseaċ, mar ba ḋuine é ag a raiḃ mórán saiḋḃris.


Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ.


Agus d’ḟéaċ sé ’n‐a ṫimċeall go ḃfeicfeaḋ sé an ḃean do rinne é.


Agus nuair do ċonnaic Íosa é, aduḃairt sé, Cad é a ḋeacraċt do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríoġaċt Dé!


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Óir cuiṁniġiḋ ar ḃur ngairm, a ḃráiṫre, cionnas naċ ngairmṫear mórán díoḃ‐san atá glic do réir na feola, ná mórán de luċt cumais, ná mórán de luċt uaisleaċta;


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan