Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt ar gclos na cainnte sin dó, ṫáinig cuma an ḃróin ar a éadan, agus d’imṫiġ sé go h‐atuirseaċ, mar ba ḋuine é ag a raiḃ mórán saiḋḃris.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ċuir an ċainnt sin buaiḋreaṁ mór air agus dʼimṫiġ sé fá ḃrón; óir ba duine é a raiḃ mórán saiḋḃris aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do ċuir an ċaint sin buairt ar an nduine, agus d’imṫiġ sé fé ḃrón; mar duine ab eaḋ é go raiḃ a lán saiḋḃris aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do ġaḃ doilġeas eisean ar son an ċoṁráiḋ sin, agus do imṫiġ sé go tuirseaċ: óir do ḃí iomad saiḋḃris aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:22
20 Iomraidhean Croise  

Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa drisleaċ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar; agus taċtann cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.


Aċt nuair do‐ċuala an t‐ógánaċ na briaṫra sin, d’imṫiġ sé agus cuṁa air, óir ba ḋuine é ag a raiḃ raċmas mór.


Annsin, ar n‐a ḟeicsin do Iúdás, an té do ḃraiṫ é, go raiḃ sé daorṫa, do ġaḃ aiṫreaċas é, agus ṫug sé na deiċ bpíosaí fiċead airgid ar ais d’uaċtaránaiḃ na sagart agus do na seanóiriḃ, g‐á ráḋ,


Agus iar ḃféaċain d’Íosa air, ṫug sé gráḋ ḋó, agus aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort: imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus do‐ġeoḃair saiḋḃreas ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Agus d’ḟéaċ Íosa ’n‐a ṫimċeall, agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Naċ deacair do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríoġaċt Dé!


óir do ḃí eagla ar Ioruaṫ roiṁ Eoin, mar do ḃí a ḟios aige gurḃ ḟear fíreanta naoṁṫa é, agus do ċoiṁéad sé slán é. Agus nuair d’éisteaḋ sé leis, do ċuireaḋ sé buaiḋirt aigne air, aċt ċeana d’éistfeaḋ sé leis go fonnṁar.


Agus do ḃí doilġeas mór ar an riġ; aċt mar ġeall ar a ṁionnaiḃ, agus mar ġeall ar na daoiniḃ do ḃí ’n‐a suiḋe ag iṫe, níor ṁaiṫ leis diúltaḋ ṫaḃairt dí.


Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.


Aċt ar n‐a ċlos sin dó‐san, d’éiriġ sé brónaċ go mór; óir do ḃí sé an‐tsaiḋḃir.


Óir do‐ḃeir an doilġeas diaḋa aiṫriġe ċum slánuiġṫe naċ dtugann aiṫṁéala: aċt do‐ḃeir doilġeas an tsaoġail an bás.


Óir bíoḋ a ḟios agaiḃ go maiṫ naċ ḃfuil oiḋreaċt ar biṫ i ríoġaċt Ċríost agus Dé ag striapaċ, ná ag duine neaṁ‐ġlan, ná ag duine sanntaċ, is é sin ioḋal‐aḋraṫóir.


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan