Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus ḃí sé ag seanmóireaċt ina sineagóga agus ar fud na Gailile go léir, agus ag teilgean amaċ deaṁan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus ḃí sé ag seanmóin ins na sinagógaiḃ acu ar fuid Ġaililí go léir, agus ag cur deaṁan amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaiḃ ar feaḋ na Galilé uile, agus do ṫeilg sé na deaṁain a maċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:39
10 Iomraidhean Croise  

Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus do ċuadar isteaċ i gCafarnaúm, agus do ċuaiḋ sé isteaċ ins an tsionagóig, lá na sabóide, agus do rinne sé teagasc ann.


Agus do ḃí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan; agus do ġlaoḋ seisean amaċ agus aduḃairt,


Agus aduḃairt sé leo, Téiġimís as so isteaċ ins na bailtiḃ beaga atá ’n‐ár n‐aice go ndéanad seanmóir annsin, leis; óir ċuige seo is eaḋ ṫánag.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ aris sa tsionagóig; agus do ḃí fear annsin ag a raiḃ láṁ leis seargṫa.


Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis a n‐uireasḃaiḋ creidiṁ. Agus do ċuaiḋ sé ag teagasc ins na bailtiḃ beaga ṫart timċeall.


Agus do ċuaiḋ sí aḃaile ċum a tiġe, agus fuair sí an leanḃ ’n‐a luiġe ar an leabaiḋ, agus an deaṁan imṫiġṫe aisti.


Agus ṫáinig deaṁain as mórán, leis, ag liuġraiġ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Is tusa Mac Dé. Aċt do smaċtuiġ sé iad, agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir do b’eol dóiḃ gurḃ é an Criost é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan