Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus ar maidin, roiṁ ḟáinniú an lae go moċ, d’éiriġ sé agus do ċuaiḋ sé amaċ, agus d’imṫiġ sé go h‐áit ḟásaṁail, agus do rinne sé urnaiġe ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus ag éirġe go h-an-luaṫ ar maidin dó, dʼimṫiġ sé amaċ, agus ċuaiḋ sé go h-áit uaigniġ, agus rinne sé urnaiġe annsin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus d’eiriġ sé ana-ṁoċ ar maidin, agus d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé go h-áit uaigneaċ, agus ḃí sé ag guiḋe ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:35
15 Iomraidhean Croise  

Agus nuair do‐ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé i mbád ó’n áit sin, isteaċ i n‐áit ḟásaṁail uaigniġ: agus nuair do‐ċuala na sluaiġte sin, do leanadar d’á gcois é ó na caṫraċaiḃ.


Agus nuair do ḃi na sluaiġte curṫa ċum bealaiġ aige, do ċuaiḋ sé suas an sliaḃ ’n‐a aonar ċum urnaiġe do ḋéanaṁ: agus nuair ṫáinig an tráṫnóna, do ḃí sé annsin n‐a aonar.


Agus do lean Síomón agus siad‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leis é;


Aċt d’imṫiġeaḋ seisean uaṫa isteaċ sa ḃfásaċ, agus do‐ġníoḋ sé urnaiġe ann.


Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ; agus d’ḟan sé ar feaḋ na h‐oiḋċe ag guiḋe ċum Dé.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Ar n‐a ḟeicsin d’Íosa, áṁ, go raḃadar ar tí teaċt, agus breiṫ air le h‐éigean, ċum rí do ḋéanaṁ ḋe, d’imṫiġ sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Bíoḋ an dearcaḋ agaiḃ do ḃí ag Íosa Críost:


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan