Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Ag ráḋ: Caḋ é an ḃaint atá againne agus agat-sa le ċéile, a Íosa as Nasair? An dtáinic tú le sinn a ṁilleaḋ? Tá a ḟios againn cé ṫú, Neaċ Naoṁṫa Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Ag ráḋ, leigḋin créd í an ḃúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasarḋa? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a ḟios agamsa cía ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:24
25 Iomraidhean Croise  

agus do ċóṁnuiġ sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe na briaṫra aduḃairt na fáiḋe: goirfear Nasarḋa ḋe.


Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Agus do ḃí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan; agus do ġlaoḋ seisean amaċ agus aduḃairt,


Agus do ḃagair Íosa air agus aduḃairt, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as.


Agus nuair do‐ċuala sé gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫosnuiġ sé ar ġlaoḋaċ, agus ar a ráḋ, A Íosa, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.


agus nuair do ċonnaic sí Peadar ’g‐a ġoraḋ féin, do ḋearc sí air, agus aduḃairt sí, Do ḃís‐se, leis, i ḃfoċair Íosa Nasarḋa.


Agus aduḃairt seisean leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: atá siḃ ar lorg Íosa Nasarḋa, an té do céasaḋ: d’éiriġ sé; ní ḟuil sé annso; féaċaiḋ an áit ’n‐ar ċuireadar é!


agus ag glaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd dó, aduḃairt sé, Cad é an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? Aṫċuinġim ort, as uċt Dé, gan mo ṗianaḋ.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé léi, Tuirlingeoċaiḋ an Spiorad Naoṁ ort, agus clúdóċaiḋ cuṁaċt an Té is Aoirde ṫú: agus, d’á ḃriġ sin, an té béarfar, glaoḋfar naoṁṫa air, Mac Dé.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine:


Caidé an ḃaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasarḋa? an ċum sinn do scrios ṫáinig tú? Tá a ḟios agam cia h‐é ṫú, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus nuair do ċonnaic sé Íosa, do ġlaoḋ sé amaċ agus do ṫuit sé ar lár roiṁe, agus aduḃairt sé de ġuṫ árd, Caidé an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde?


Agus muinntear críċe na nGerasénaċ ṫart timċeall, d’iarr siad air imṫeaċt uaṫa; óir ba ṁór an eagla do ḃí orṫa: agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’ḟill sé ar ais.


Agus creidimíd‐ne, agus atá a ḟios againn gur tusa Aon Naoṁṫa Dé.


De ḃriġ naċ ḃfágfair m’anam san uaiġ Agus naċ leigfir dot’ Aon Naoṁṫa truailliú d’ḟeicsin.


Is aṁlaiḋ fuaramar an fear so ’n‐a uġdar tubaiste agus ’n‐a aḋḃar ceannairce i measc na nIúdaċ ar fud an doṁain, agus é ’n‐a ċeann ar aicme na Nasarḋaċ:


Do ṡéanaḃar an t‐Aon Naoṁṫa Fíréanta, agus d’iarraḃar dúnṁarḃṫóir do ṫaḃairt daoiḃ,


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


Creideann tusa naċ ḃfuil aċt aon Dia aṁáin ann; is maiṫ do‐ġní tú; creideann na deaṁain féin é, leis, agus bíonn baill‐ċriṫ orṫa.


Maidir liḃ‐se, atá ungaḋ ó’n Té Naoṁṫa agaiḃ, agus atá eolas iomlán agaiḃ.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan