Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus do ċuir a ṫeagasc iongnaḋ orṫa: óir do ṫeagaisc sé iad mar ḋuine ag a raiḃ uġdarás, níorḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ḃíoḋ iongantas orṫa fá n-a ṫeagasc, óir ḃí sé ġá dteagasc mar neaċ a mbéaḋ uġdarás aige, agus níorḃ ionann agus na Scríoḃaiḋṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do ċuir a ṫeagasg iongna orṫa, mar do ṫeagaisg sé mar duine go raiḃ coṁaċt aige, murar ḃ’ionan a’s na Sgríḃneóirí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do ġaḃ iongnaḋ íadsan fá na ṫeagasg: óir do ṫeaguisg sé íad mar neaċ agá raiḃ cuṁaċda, agus ní mar na sgríobuiġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:22
14 Iomraidhean Croise  

Agus ag teaċt isteaċ ’n‐a ḋúṫaiġ féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ’n‐a sionagóig, i dtreo go raiḃ iongnaḋ orṫa, agus go nduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an eagna, agus na cuṁaċta móra so.


Agus do ḃí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan; agus do ġlaoḋ seisean amaċ agus aduḃairt,


agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé.


óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ.


agus do‐rinneadar iongnaḋ d’á ṫeagasc, de ḃriġ gur laḃair sé as cainnt uġdarásaiġ.


D’ḟreagair na maoir, Níor laḃair aon duine riaṁ mar laḃrann an fear so.


Agus do ṡáruiġ orṫa cur i gcoinniḃ na h‐eagna agus i gcoinniḃ an Spioraid le n‐ar laḃair sé.


aċt ṫugamar cúl leis na neiṫiḃ náireaċa cleaċtar fá rún, agus ní ḃímíd ag siuḃal i ngliocas, ná ag truailliú briaṫair Dé, aċt, ag foillsiú na fírinne ḋúinn, tuillimíd molaḋ i gcoinsias gaċ duine i ḃfiaḋnaise Dé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan