Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus, ag imṫeaċt dó aċar beag ó’n áit sin, do ċonnaic sé Séamas mac Ṡebedé agus Eoin a ḃearḃráṫair, do ḃí ins an mbád ag cóiriú a líonta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ar ḋul giota beag as sin dó, ċonnaic sé Séamus, mac Ṡebede, agus Eoin, a ḋearḃráṫair, agus iad ag cóiriuġaḋ a n-eangaċ san luing.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus nuair a ḃí sé imṫiġṫe tamall beag ó’n áit sin ċonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir agus iad ag socarú a líonta sa luing;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar nimṫeaċd dó beagan as sin, do ċonnairc sé Séumas ṁac Sebede, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus íad a luing ag córugbaḋ a líontaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:19
11 Iomraidhean Croise  

Agus ag imṫeaċt as sin dó, do ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus iad i mbád i ḃfoċair a n‐aṫar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ġlaoḋ sé ċuige iad.


Agus ar an láṫair d’ḟágadar na líonta, agus do leanadar é.


Agus ar an láṫair do ġlaoḋ sé orṫa; agus d’ḟágadar a n‐aṫair Sebedé ins an mbád i n‐éinḟeaċt leis an luċt tuarastail, agus do leanadar é.


Agus ṫáinig ċuige Séamas agus Eoin, mic Ṡebedé, agus aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, ba ṁian linn go ndéanfá ḋúinn cibé niḋ iarrfaimíd ort.


Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ‐eaglaċ, do‐brónaċ.


agus Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais, orṫa‐san ṫug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirniġe:


Agus níor leig sé d’aoinneaċ teaċt leis, aċt Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais.


Agus i gceann sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫreoruiġ sé iad ’n‐a n‐aonar fá leiṫ suas ar ṡliaḃ árd: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné ’n‐a ḃfiaḋnaise:


Is aṁlaiḋ do ḃí i n‐éinḟeaċt le ċéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirṫear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐ṁac Ṡebedé, agus beirt eile d’á ḋeisceablaiḃ.


Agus ar dteaċt isteaċ ḋóiḃ, ċuadar suas go dtí an seomra uaċtaraċ, mar a raiḃ siad ’n‐a gcóṁnaiḋe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parṫalán agus Maṫa, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Ṡéamais.


Agus do ṁarḃ sé Séamas dearḃráṫair Eoin le claiḋeaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan