Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 9:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ar a ḟeiceáil seo do na sluaiġte, ṫáinic eagla orṫa, agus ṫug siad glóir do Ḋia, a ṫug a leiṫéid de ċuṁaċt do ḋaoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus ṫáinig eagla ar an sluaġ nuair a ċonacadar an níḋ sin, agus do ṁoladar Dia a ṫug a leiṫéid sin de ċóṁaċt do ḋaoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd an tan do ċunnairc an pubal an nisí, do ġaḃ iongantas íad, agus tuagadar glóir do Ḋía, ṫug a leiṫeide sin do ċuṁaċdaiḃ do ḋáoiniḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 9:8
22 Iomraidhean Croise  

Agus do ḃí iongnaḋ mór ar na sluaiġtiḃ, agus aduḃradar, An é seo mac Ḋáiḃi?


agus do leiġeas sé iad: i dtreo go raiḃ iongnaḋ ar an sluaġ, nuair do ċonnacadar na balḃáin ag laḃairt, agus na mairtíniġ slán, agus na daoine bacaċa ag siuḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ: agus ṫugadar molaḋ do Ḋia Israeil.


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


Agus d’éiriġ seisean, agus d’imṫiġ sé ċum a ṫiġe féin.


Agus d’éiriġ seisean ar an láṫair, agus do ṫóg sé a leaba, agus d’imṫiġ sé amaċ i ḃfiaḋnaise a raiḃ ann; i dtreo go raiḃ uaṫḃás orṫa uile, go dtugadar glóir do Ḋia, agus iad ’g‐a ráḋ, Ní ḟacamar a leiṫéid seo riaṁ.


Agus do ḃí iongnaḋ an‐ṁór orṫa, agus aduḃradar, Do‐rinne sé gaċ uile niḋ go maiṫ: do‐ḃeir sé éisteaċt do ḃoḋránaiḃ, agus cainnt do ḃalḃánaiḃ.


Agus do ċuir sé a láṁa uirṫi: agus ar an láṫair d’éiriġ sí díreaċ, agus ṫug sí glóir do Ḋia.


Agus do ḃí duine aca, agus nuair ṫug sé fá deara go raiḃ sé leiġeasta, do ċas sé ar ais, agus é ag molaḋ Dé de ġuṫ árd;


An aṁlaiḋ naċ ḃfriṫ ag filleaḋ le buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia, aċt an coiṁiġṫeaċ so?


Agus ar an láṫair fuair sé a raḋarc, agus do lean sé é, agus é ag taḃairt glóire do Ḋia: agus na daoine go léir, nuair do ċonnacadar é, ṫugadar molaḋ do Ḋia.


Agus d’ḟill na h‐aoḋairí, agus iad ag glóiriú agus ag molaḋ Dé mar ġeall ar a gcualadar agus a ḃfacadar, de réir inar aduḃraḋ leo.


Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so.


Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.


Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa.


Agus nuair do‐ċualadar an méid sin, do ċiúnuiġ siad, agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Is léir, mar sin, go ḃfuil aiṫriġe ċum na beaṫaḋ taḃarṫa ag Dia do na Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt:


Agus tar a éis dóiḃ‐sean bagairt orṫa arís, do scaoileadar iad, mar ní raiḃ a ḟios aca cionnas ċuirfidís pionós orṫa, mar ġeall ar na daoiniḃ; óir ḃí na daoine go léir ag taḃairt na glóire do Ḋia ar son a dtárla.


agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine;


agus ṫugadar glóir do Ḋia im’ ṫaoḃ.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan