Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 9:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus nuair ṫug Íosa fá ndeara na smaointe do ḃí aca, aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag smaoineaḋ go h‐olc i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ar ḟeiceáil a smaointe do Íosa, duḃairt sé: Cad ċuige a ḃfuil droċ-smaointe agaíḃ i ḃur gcroiḋṫe?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus ó ċonaic Íosa na smuínte a ḃí acu, duḃairt sé: Cad ċuige ḋaoiḃ na droċ-smuínte ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋṫiḃ agaiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus an tan do ċunnairc Iósa a smúaintiġṫe a duḃairt sé, Créud fá smúaintiġṫisi uilc ann ḃur gcroiḋṫiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 9:4
24 Iomraidhean Croise  

Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus aduḃairt sé leo, Gac ríoġaċt atá deaġailte innti féin, bascṫar í; agus gaċ caṫair nó líon tiġe atá deaġailte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasfaiḋ sé:


An dtiuḃraimíd i, nó naċ dtiuḃraimíd? Aċt d’aiṫin seisean a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm? taḃraiḋ pinginn ċugam go ḃfeicead í.


Agus ar an láṫair, ar n‐a ḟeiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an maċtnaṁ do ḃi ’n‐a n‐aigne aca, aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeit ag maċtnaṁ mar sin i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?


Aċt do b’eol dó a smaointe, agus aduḃairt sé leo, Gaċ ríoġaċt atá deiġilte ’n‐a coinniḃ féin, téiġeann sí ċum donaċta; agus líon tiġe atá deiġilte i gcoinniḃ lín tiġe, tuiteann sé.


Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?


Aċt d’aiṫniġ seisean a smaointe; agus aduḃairt sé le fear na láiṁe seargṫa, Éiriġ id’ ṡeasaṁ, agus seas i lár baill.


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, A Ṡíomóin, atá focal agam le ráḋ leat. Agus aduḃairt seisean, Abair leat, a Ṁáiġistir.


Ní ṫuigimíd an ċainnt sin aige. Do ḃí a ḟios ag Íosa gur ṁian leo ceist do ċur air, agus aduḃairt sé leo, An ḃfuil siḃ ag ceistiú eadraiḃ féin fá go nduḃairt mé, Tamall beag, agus ní ḟeicfiḋ siḃ mé, agus tamall beag eile, agus ċífiḋ siḃ mé?


Atá a ḟios againn anois gur ab eol duit an uile niḋ, agus naċ gáḃaḋ ḋuit aon duine ḃeiṫ gad’ ċeistiú: creidimíd d’á ḃriġ sin go dtáinig tú amaċ ó Ḋia.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


Aċt, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ḋeiseabail ag cannrán ’n‐a ṫaoḃ so, aduḃairt sé leo, An ḃfuil sin ’n‐a ċás oraiḃ?


Aċt atá cuid agaiḃ naċ gcreideans. Óir do ḃí a ḟios ag Íosa ó ṫosaċ cia’rḃ iad nár ċreid, agus cia’rḃ é do ḃí ċum é do ḃraiṫ.


Annsin aduḃairt Peadar léi, Caidé ṫug oraiḃ, beirt, froṁaḋ do ṫaḃairt ar Spiorad an Tiġearna? féaċ, atá cosa na ndaoine d’aḋlaic t’ḟear ag an doras, agus tógfaiḋ siad ṫusa amaċ.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan