Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 9:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt do ċas Íosa, agus nuair do ċonnaic sé í, aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agat, a inġean; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ḃí an ḃean slán ó’n uair sin amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ṫionntuiġ Íosa ṫart, agus ċonnaic sé í, agus duḃairt: A inġean, glac misneaċ, rinne do ċreideaṁ slán ṫú. Agus ḃí an ḃean slán ó’n uair sin amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 D’iompuiġ Íosa, áṁṫaċ, agus ċonaic sé í, agus duḃairt sé: Glac misneaċ, a ’ġnín ó; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu. Agus ḃí an ḃean leiġiste ó’n uair sin amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar ḃfilleaḋ Diósa agus ar na faicsinsean dó, a duḃairt sé, Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad, a inġean; do ṡlánaiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus do ḃí an ḃean slán ó a nuáirsin a maċ.)

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 9:22
15 Iomraidhean Croise  

Annsin d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, is mór é do ċreideaṁ: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do ḃí a h‐inġean leiġeasta ó’n uair sin.


Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan; agus d’imṫiġ sé as: agus do ḃí an buaċaill slán ó’n uair sin amaċ.


Agus aduḃairt Íosa leis an gceanntúir, Imṫiġ ort; de réir mar do ċreidis go ndéantar duit. Agus do leiġeasaḋ an giolla an uair ċéadna sin.


Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


Annsin do ċuir sé a láṁ ar a súiliḃ, agus aduḃairt sé, Go ndéantar daóiḃ de réir ḃúr gcreidiṁ.


Agus aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ leat, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ar an láṫair ṫáinig a raḋarc dó, agus do lean sé é sa tsliġe.


Agus aduḃairt seisean léi, A inġean, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ód’ ġalar.


Agus aduḃairt sé leis, Éiriġ agus imṫiġ leat: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.


Agus aduḃairt Íosa leis, Bíoḋ do raḋarc agat: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.


Agus aduḃairt sé leis an mnaoi, Do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin.


Agus aduḃairt seisean léi, A inġean, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú; imṫiġ i síoṫċáin.


Do ḃí a ḟios ag an aṫair annsin gur le linn na h‐uaire sin aduḃairt Íosa leis, Atá do ṁac beo: agus do ċreid sé féin agus a líon tiġe uile.


Do ḃí an duine seo ag éisteaċt le Pól ag cainnt: agus nuair do ḋearc seisean go grinn air, agus ṫug sé fá deara go raiḃ creideaṁ ċum a ṡlánuiġṫe aige,


Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin.


Óir do craoḃscaoileaḋ an soiscéal dúinne, mar craoḃscaoileaḋ é ḋóiḃ‐sean: aċt níorḃ aon tairḃe ḋóiḃ an briaṫar do ċualadar, toisc naċ raiḃ creideaṁ ’n‐a ḃun ag na daoiniḃ do ċuala é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan