Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 9:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus féaċ, ṫug siad ċuige duine a raiḃ galar creaṫaċ air, agus é sínte ar leabaiḋ. Agus ar ḟeiceáil a gcreidiṁ do Íosa, duḃairt sé leis an ḟear a raiḃ an galar creaṫaċ air: Bíoḋ misneaċ agat, a ṁic, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus féaċ, do ṫugadar ag triall air, sínte ar ṫoċt, fear a ḃí gan lúṫ. Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu duḃairt sé leis an ḃfear gan lúṫ: Glac misneaċ, a ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus, féuċ, tugadar fear pairilise, na luiġe air a leabaiḋ ċuiġe: agus an tan do ċunnairc Iósa a gcreideaṁ a duḃairt sé re fear na pairilisi; Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad a ṁic; ataid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 9:2
32 Iomraidhean Croise  

Aċt do laḃair Íosa leo ar an láṫair, agus aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ; is mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


agus maiṫ ḋúinn ár ḃfiaċa, mar do ṁaiṫeamair‐ne d’ár ḃféiċeaṁnaiḃ féin;


Agus nuair doċuala Íosa sin, do ḃí iongnaḋ air, agus aduḃairt sé leo‐san do ḃí g‐á leanaṁain, Go fírinneaċ adeirim liḃ, A leiṫéid sin de ċreideaṁ ní ḃfuaras i nIsrael féin.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, tugaḋ ċuige a lán daoine i n‐a raiḃ deaṁain: agus do ċaiṫ sé amaċ na spioraide le n‐a ḟocal, agus do leiġeas sé na daoine do ḃí breoite:


Aċt do ċas Íosa, agus nuair do ċonnaic sé í, aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agat, a inġean; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ḃí an ḃean slán ó’n uair sin amaċ.


Cia aca is fusa a ráḋ, Atá do ṗeaċaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus siuḃail?


Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ar ċumas do Ṁac an Duine ar talaṁ peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé annsin leis an ḃfear pairiliseaċ), Éiriġ, tóg do leaba, agus imṫiġ ċum do ṫiġe.


Agus, tar éis dul faoi do’n ġréin, tráṫnóna, ṫugadar ċuige na daoine ar a raiḃ easláinte, agus iad‐san ’n‐a raiḃ deaṁain.


Agus do stad Íosa, agus aduḃairt sé, Glaoḋaiḋ ċugam air. Agus do ġlaoḋadar ar an dall, ’g‐a ráḋ leis, Bíoḋ meisneaċ agat; éiriġ id’ ṡeasaṁ, atá sé ag glaoḋaċ ort.


Agus aduḃairt seisean léi, A inġean, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ód’ ġalar.


óir do ċonnacadar uile é, agus do ḃí scannraḋ orṫa. Aċt ar an láṫair do laḃair sé leo, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ: mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


agus nár ṫeastuiġ uaiḋ teist ar an duine d’ḟáġáil ó aoinneaċ; óir do b’eol dó féin créad do ḃí sa duine.


Agus aduḃairt Íosa leo, A ċlann, an ḃfuil aon rud le n’iṫe agaiḃ? D’ḟreagradar ḋó, Ní ḟuil.


Do ḃí an duine seo ag éisteaċt le Pól ag cainnt: agus nuair do ḋearc seisean go grinn air, agus ṫug sé fá deara go raiḃ creideaṁ ċum a ṡlánuiġṫe aige,


i dtreo go mbeirṫí ó n‐a ċolainn ciarsúirí nó aprúin ċum na ndaoine breoite, agus go n‐imṫiġeaḋ na h‐aicídí ḋíoḃ, agus go n‐imṫiġeaḋ na droċ‐spioraidí asta.


Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis.


Agus ní h‐é sin aṁáin é, aċt do‐ġnímíd gáirdeaċas i nDia tríd ár dTiġearna Íosa Críost, tré n‐a ḃfuaramar an réiḋteaċ sin.


Aċt déarfaiḋ duine éigin, Atá creideaṁ agat‐sa, agus atá gníoṁarṫa agam‐sa: taisbeán do ċreideaṁ ḋom i n‐éagmais do ġníoṁarṫa, agus taisbeánfad‐sa mo ċreideaṁ ḋuit‐se lem’ ġníoṁarṫáiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan