Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 9:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair do ċonnaic na Fairisíniġ sin aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Cad ċuige a n‐iṫeann ḃúr Máiġistir biaḋ i ḃfoċair na bpoibleacán agus na bpeacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus ar a ḟeiceáil sin do na Fairisíniġ, duḃairt siad le n-a ḋeisciobail: Cad ċuige a n-iṫeann ḃur máiġistir i gcuideaċta na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Nuair a ċonaic na Fairisíniġ an níḋ sin duḃradar le na ḋeisgiobuil: Cad ċuige go n-iṫeann ḃúr máiġistir bia i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus an tan do ċunncadar na Ṗairisiniġ sin, a duḃradar ré na ḋeisgiobluiḃsean, Créud fa niṫeann ḃur Maiġisdirsi a ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 9:11
14 Iomraidhean Croise  

Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.


Óir má ṫugann siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean aṁáin ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ‐se, créad atá tuillte agaiḃ ḋá ḃárr? Naċ ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Agus ṫarla, agus é ag suiḋe ċum biḋ sa tiġ, go dtáinig a lán poibleacán agus peacaċ, agus gur ṡuiḋeadar i ḃfoċair Íosa agus a ḋeisceabal.


Agus nuair do ċonnaic scríoḃaiḋṫe na ḃFairisíneaċ é ag ċaiṫeaṁ biḋ i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ, aduḃradar le n‐a ḋeisceablaiḃ, Atá sé ag iṫe agus ag ól i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ.


Agus nuair do ċonnacadar uile sin, do ḃíodar ag ceisneaṁ go mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Do ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt isteaċ ag fear atá ’n‐a ṗeacaċ.


Agus do ḃí na Fairisíniġ agus a scríoḃaiḋṫe ag ceasaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cad ċuige ḋaoiḃ‐se ḃeiṫ ag ól agus ag iṫe i gcuideaċtain poibleacán agus peacaċ?


Do‐ċuaḋais‐se isteaċ i measc daoine gan timċeall‐ġearraḋ orṫa, agus do ċaiṫis biaḋ ’n‐a ḃfoċair.


Sinne Iúdaiġ ó ḋúṫċas, agus naċ peacaiġ de Ċineaḋaċaiḃ sinn,


agus is fear é, gur féidir leis gan ḃeiṫ ro‐ḋian ar na daoiniḃ ṫéiġeas amuḋa tré aineolas, de ċionn naċ ḃfuil sé féin gan a ċion féin de’n laige.


Má ṫig aoinneaċ ċugaiḃ gan an teagasc so do ṫaḃairt leis, ná glacaiḋ isteaċ ’n‐ḃur dtiġ é, agus ná beannuiġiḋ ḋó:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan