Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 8:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus tar a éis dó dul isteaċ i gCafarnaúm, ṫáinig ceanntúir ċuige,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus ar ṫeaċt isteaċ go Caṗarnaum dó, ṫáinic ceanntúir ċuige, ġá ġuiḋe,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ansan nuair a ḃí sé tar éis dul isteaċ i gCaṗarnaum ṫáinig ċuige taoiseaċ céad, ’ġá ġuiḋe,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus ar ndul Díosa a sdeaċ go Capernáum, ṫáinic sentúrion ċuige, dá ġuiḋe,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 8:5
15 Iomraidhean Croise  

Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


agus ag imṫeaċt ó Nasair ḋó ṫáinig sé ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁnaiḋe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar ṫeorainn Ṡabulón agus Neftalim,


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’imṫiġ sé anonn isteaċ ’n‐a ċaṫair féin.


Agus an ceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ os a ċóṁair ’n‐a aice, nuair do ċonnaic sé gur imṫiġ a anam as ar an gcuma sin, aduḃairt sé, Go fírinneaċ do b’é Mac Dé an fear so.


Agus, i gcionn roinnte laeṫeanta ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ċuaiḋ sé isteaċ arís i gCafarnaúm; agus do‐ċualaṫas go raiḃ sé ag baile.


Agus nuair do ċeangladar é le téadaiḃ, aduḃairt Pól leis an gceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair, An dlisteanaċ duit fear Róṁánaċ do sciúirseaḋ, agus gan a ḋaoraḋ ar dtús?


Agus do ġlaoḋ Pól duine de na ceanntúiriḃ ċuige, agus aduḃairt sé, Beir leat an buaċaill seo ċum an árd‐ċaiptín: óir atá niḋ aige le n’innsin dó.


Agus do ġlaoḋ sé beirt ċeanntúir ċuige, agus aduḃairt sé, Ullṁuiġiḋ ḋá ċéad saiġdiúir agus deiċneaḃar agus trí fiċid marcaċ, agus ḋá ċéad fear sleaġa, ċum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oiḋċe:


Agus d’éiriġ gaoṫ ḃog andeas, agus do ċeapadar go raiḃ leo, agus do ṫógadar an t‐ancaire agus ṡeoladar le h‐ais na Créite, i n‐aice na tíre.


aduḃairt Pól leis an gceanntúir agus leis na saiġdiúiriḃ, Muna ḃfanaiḋ siad‐san san luing, ní féidir ḋaoiḃ‐se dul slán.


Aċt do ḃí a ḟonn ar an gceanntúir Pól do ṡáḃáil, agus ní leigfeaḋ sé ḋóiḃ é, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ‐sean go raiḃ snáṁ aca a gcaiṫeaṁ amaċ ar dtús agus an tír do ḃaint amaċ:


Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan