Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 7:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Iarraigiḋ, agus ḃéarfar díḃ; cuartuiġigiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ; buailigiḋ, agus fosclóċar díḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeóḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Iarruiġ, agus do ḃéurṫar ḋaóiḃ; lorgairíḋ, agus do ġeaḃṫáoi; búaliḋ an dorus, agus oisgéoltar ḋáoiḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 7:7
43 Iomraidhean Croise  

Adeirim liḃ fós, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon aigne ar talaṁ i dtaoḃ niḋ ar biṫ d’á n‐iarraid, do‐ġéantar dóiḃ é óm’ Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.


Aċt loirgiḋ ar dtús ríoġaċt Dé agus a ḟíréantaċt, agus do‐ḃéarfar daoiḃ sa mbreis na neiṫe sin go léir.


D’á ḃriġ sin, má’s eol daoiḃ‐se, atá go h‐olc, cionnas deaġ‐ḃronntanais do ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, naċ dóċaiġe go mór go dtiuḃraiḋ ḃúr nAṫair atá ar neaṁ deaġ‐ḃronntanais dóiḃ‐sean iarrfas air iad?


Óir gaċ aoinneaċ iarras glacann sé; agus gaċ aoinneaċ loirgeas do‐ġeiḃ sé; agus an té ċnagas foscaltar dó.


D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Cibé niḋ ġuiḋeas agus iarras siḃ, creidiḋ go ḃfuair siḃ é, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ é.


Ċóṁ luaṫ agus ḃéas fear an tiġe éiriġṫe, agus doras an tiġe dúnta aige, agus ṫosnuiġeas siḃ‐se ar ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ amuiġ, agus ar an doras do ḃualaḋ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, foscail dúinn; agus freagróċaiḋ seisean agus adéarfaiḋ sé liḃ, Ní ḟuil a ḟios again cad as daoiḃ‐se;


Agus do laḃair sé leo as saṁlaoid, g‐á ċur i dtuigsin dóiḃ go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ ag guiḋe i gcóṁnaiḋe, agus gan staonaḋ;


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Dá mb’ eol duit taḃartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á ráḋ leat, Taḃair ḋom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐ḃéarfaḋ sé uisce beo ḋuit.


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


Ní ḟuil duine tuigseanaċ ann, Ní ḟuil duine loirgeas Dia;


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


agus slánóċaiḋ guiḋe an ċreidiṁ an t‐easlán, agus tógfaiḋ an Tiġearna aniar é; agus má tá peacaiḋe déanta aige, maiṫfear iad dó.


agus cibé niḋ iarraimíd air doġeiḃimíd uaiḋ é, de ḃriġ go gcoiṁeádaimíd a aiṫeanta, agus go ndéanaimíd na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan