Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 7:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Ná taḃraiḋ an niḋ naoṁṫa do na madraiḃ, agus ná caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí i láṫair na muc, ar eagla go ngaḃfaidís de ċosaiḃ orṫa, agus go n‐iompóċaidís agus go réabfaidís as a ċéile siḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Ná taḃairigiḋ an rud naoṁṫa do na madaiḋ: agus ná caiṫigiḋ ḃur bpéarlaí ós cóṁair na muc, ar eagla go dtaltuiġeaḋ siad faoi n-a gcosa iad, agus go dtionntuiġeaḋ siad ṫart agus siḃ a strócaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ná tugaiḋ an níḋ naoṁṫa dos na madraíḃ; agus na caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí ċun na muc, le h-eagla go ngeóḃaidís do ċosaiḃ ionta, agus ansan go n-iompóċaidís oraiḃ agus go stracfaidís siḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Na taḃraiḋ an ní naóṁṫa do ṁadruiġiḃ, agus na teilgiḋ ḃur gcloċa úaisle a ḃfíaḋnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrṫa lé na gcosuiḃ, agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ go dtarroingaidís siḃ féin as a ċéile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 7:6
18 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Ní cuiḃe arán na clainne do ġlacaḋ, agus a ċaiṫeaṁ ċum na ngaḋar.


Annsin bainfear bárr‐ṫuisleaḋ as a lán, agus braiṫfid a ċéile.


A ḃréig‐ḟíréin, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin ċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


Seaċnaiḋ na madraí, seaċnaiḋ na droċ‐oibriḋṫe, seaċnaiḋ luċt an ċóiṁġearrṫa:


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


agus do ṫuit ar gcúl ’n‐a ḋiaiḋ sin, ní féidir a dtaḃairt ċum aiṫriġe arís, de ḃriġ go ḃfuilid ag aiṫ‐ċéasaḋ Ṁic Dé ḋóiḃ féin, agus ag déanaṁ aḋḃar scannail de.


Is é rud d’éiriġ ḋóiḃ, mar deir an sean‐ḟocal fíor, D’ḟill an madaḋ ar ais ċum a aiṫsceaṫraiġe, agus an ċráin do niġeaḋ ċum ḃeiṫ ag ionfairt san laiṫiġ.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan