Maitiú 7:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)28 Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc: Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)28 Agus ṫárla, nuair a ḃí na briaṫra séo críoċnuiġṫe ag Íosa, go raiḃ na sluaiġte ag déanaṁ iongantais dá teagasc. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)28 Agus do ṫárla nuair a ḃí an ċaint sin críoċnuiġṫe ag Íosa go raiḃ na daoine ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)28 Agus tárla, an tan do ċríoċnaiġ Iósa na bríaṫrasa, gur ġaḃ úaṫḃas an pubal tré na ṫeagasgsan: Faic an caibideil |
Agus nuair ṫáinig an tsabóid, do ṫosnuiġ sé ar ṫeagasc do ḋeanaṁ sa tsionagóig: agus ṫáinig iongnaḋ ar a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugaḋ do’n ḟear so, agus a ráḋ go ndéantar a leiṫéide d’oibreaċaiḃ móra tré n‐a láṁaiḃ?