Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 7:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Ní h‐é gaċ aoinneaċ adéarfas liom, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas; aċt an té do‐ġní toil m’Atar atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Ní h-é gaċ duine a deir liom-sa: A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, a raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas: aċt an té a ġní toil m’Aṫar, atá ar neaṁ, raċaiḋ seisean isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ní h-é gaċ aoinne adeir liom-sa, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, do raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas; aċ an t-é a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar atá ins na flaṫais, siné a raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Ní é gaċ uile neaċ a deir riomsa, A Ṫiġearna, A Ṫiġearna, raċas a sdeaċ sa rióġaċd neaṁḋa; aċd an té do ní toil Ṁaṫarsa atá áir neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 7:21
49 Iomraidhean Croise  

is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.


Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Adeirim liḃ fós, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon aigne ar talaṁ i dtaoḃ niḋ ar biṫ d’á n‐iarraid, do‐ġéantar dóiḃ é óm’ Aṫair‐se atá ar neaṁ.


agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ.


Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.


Agus adeirim arís liḃ, Is fusa do ċamall gaḃáil tré ċró snáṫaide, ná do ḋuine saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus fad agus ḃíodar ag imṫeaċt g‐á ċeannaċ, ṫáinig an fear nua‐ṗósta; agus na daoine do ḃí ullaṁ do ċuadar isteaċ leisean ċum na bainse: agus do dúnaḋ an doras.


Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna.


Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se.


Óir cibé duine do‐ġní toil Dé, is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.


Agus má ḃíonn do ṡúil ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í: is fearr duit dul isteaċ i ríoġaċt Dé ar leaṫṡúil, ’ná an dá ṡúil do ḃeiṫ agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann:


Aċt aduḃairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuiġṫe iad‐san éisteas le briaṫar Dé agus ċoiṁéadas é.


Ċóṁ luaṫ agus ḃéas fear an tiġe éiriġṫe, agus doras an tiġe dúnta aige, agus ṫosnuiġeas siḃ‐se ar ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ amuiġ, agus ar an doras do ḃualaḋ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, foscail dúinn; agus freagróċaiḋ seisean agus adéarfaiḋ sé liḃ, Ní ḟuil a ḟios again cad as daoiḃ‐se;


Oir is fusa do ċamall dul tré ċró snátaide, ’ná do ḋuine saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Agus cad ċuige a nglaoḋann siḃ orm, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus naċ ndéanann siḃ a n‐abraim liḃ?


Dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, d’aiṫneoċaḋ siḃ an t‐Aṫair, ċóṁ maiṫ: is aiṫnid daoiḃ anois é, agus do ċonnacaḃar é.


An té go ḃfuil fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, atá fuaṫ aige dom’ Aṫair, leis.


D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé.


Aċt d’ḟreagair sé ḋóiḃ, Atá m’Aṫair ag obair go dtí an uair seo, agus atáim‐se ag obair.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


óir ní h‐iaḋ luċt éistiġṫe an dliġe atá fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, aċt is iad luċt cleaċtuiġṫe an dliġe fíréanóċar:


ní le súil‐ṡeirḃís, mar ḃéaḋ siḃ d’iarraiḋ daoine do ṡású, aċt mar ṡeirḃísiġ Ċríost, ag déanaṁ tola Dé ó’n gcroiḋe;


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Óir is é is toil le Dia siḃ ḃeiṫ naoṁṫa, siḃ do staonaḋ ó striapaċas;


Beiriḋ buiḋeaċas san uile niḋ; óir is é toil Dé é sin ’n‐ḃur dtaoḃ i nÍosa Críost.


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


Uime sin ó tá sé i ndán do ḋaoiniḃ áiriṫe dul isteaċ ann, agus gur ṫeip ar na daoiniḃ gur craoḃscaoileaḋ an soiscéal dóiḃ roiṁe sin dul isteaċ ann mar ġeall ar easuṁlaċt,


Aċt cuiriḋ an briaṫar i ngníoṁ, gan ḃeiṫ ’n‐ḃur luċt éisteaċta aṁáin, ġ’‐ḃur meallaḋ féin.


Óir is é toil Dé, ag cleaċtaḋ an ċirt daoiḃ, go gcuirfiḋ siḃ ainḃfios daoine diṫ‐céilliḋe ’n‐a ṫost:


ċum naċ gcaiṫfeaḋ sé a ṡaoġal ’n‐a ḋiaiḋ sin do réir ainṁianta na ndaoine, aċt do réir tola Dé.


agus déanfaiḋ sé aoḋaireaċt orṫa le slait iarainn, mar bristear soiṫiġ criadóra ’n‐a mbroscar; do réir na cuṁaċta fuaras ó’n Aṫair:


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


An té ḃeireas buaiḋ, clúdóċar é ar an gcuma sin le h‐éadaiġiḃ geala; agus ní scriosfad a ainm amaċ ċoiḋċe as leaḃar na beaṫaḋ, agus adṁóċad a ainm i láṫair m’Aṫar agus i láṫair a aingeal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan