Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 7:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Téiġiḋ isteaċ an doras cuṁang: óir is fairsing an doras, agus is leaṫan an bealaċ ṡeolas fá ḋéin an léirscriosta, agus is iomḋa duine ġaḃas é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Téiġigiḋ isteaċ ar an ġeafta ċuṁang, óir is fairsing an geafta, agus is leaṫan an bóṫar a ṫreoruiġeas ċun na h-aiṁleasa; agus dá mórán a ṫéid isteaċ air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Téiġiḋ isteaċ an dorus cuṁang, óir is fairsing an dorus agus is leaṫan an bóṫar a ṡeólann ċun díṫe, agus tá a lán a leanann é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Imṫiġiḋ a sdeaċ sa dorús ċuṁann: óir is farsing an dorus, agus is leaṫan an tsliġe, ṫréoraiġeas do ċum damanta, agus is mór ṫéid a sdeaċ ṫríṫe:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 7:13
38 Iomraidhean Croise  

Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Ar an aḋḃar sin, taḃraiḋ toraḋ uaiḃ ḃéas de réir na h‐aiṫriġe;


Óir is cuṁang an doras, agus is caol an bealaċ ṡeolas ċum na beaṫaḋ, agus is beag duine do‐ġeiḃ eolas air.


Ar an gcuma ċéadna, gaċ duine agaiḃ‐se naċ ndiúltann do gaċ a ḃfuil aige, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam‐sa.


Agus ṫarla, nuair do ḃíodar‐san ag imṫeaċt uaiḋ go nduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: déanaimís trí boṫa; boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias: agus gan a ḟios aige créad do ḃí aige d’á ráḋ.


Is mise an doras: cibé ṫagas isteaċ tríom‐sa, slánóċar é, agus raċaiḋ sé isteaċ agus amaċ, agus do‐ġeoḃaiḋ sé inḃear.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna;


Agus má’s toil le Dia a ḋíḃeirg do noċtaḋ, agus a ċuṁaċt do ċur i dtuigsin, gur ġlac sé go foiġdeaċ le soiṫiġiḃ feirge do cumaḋ ċum a scriosta;


san dream dí‐ċreidṁeaċ go ḃfuil a n‐aigne dallta ag Dia an tsaoġail seo, ċum naċ ndeallróċaḋ solas glórṁar Ċríost, íoṁáiġ Dé, orṫa.


D’á ḃriġ sin, Tagaiḋ amaċ as a lár, Agus biḋiḋ ar deaġailt, Adeir an Tiġearna, Agus ná bíoḋ aon ḃaint agaiḃ leis an rud neaṁ‐ġlan; Agus glacfad ċugam siḃ,


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


agus do ṫeilg sé isteaċ san duiḃeagán é, agus do ḋún sé é, agus ċuir sé seala air ionnas naċ meallfaḋ sé na ciniḋeaċa a ṫuilleaḋ, nó go raiḃ deireaḋ leis an míle bliaḋain. ’N‐a ḋiaiḋ sin ní foláir a scaoileaḋ ar feaḋ tamaill ḃig.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan