Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 6:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Aċt má ḃíonn do ṡúil go h‐olc, béiḋ do ċorp ar fad sa dorċaċt. D’á ḃriġ sin, má’s dorċaċt an solas atá ionnat, cad é mar ḋorċaċt í!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Aċt má ḃíonn do ṡúil olc, béiḋ do ċorp uilig dorċa. Dá ḃríġ sin, má’s dorċadas an solus a ḃíos ionnat, cad é méid an dorċadais féin?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Aċ má ḃíonn do ṡúil go h-olc beiḋ do ċorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doirċeaċt an solus atá ionat, cad é méid na doirċeaċta féin?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Aċd dá raiḃ do ṡúil go holc, biaiḋ do ċorp uile dorċa. Air a naḋḃarsin ma atá an solus atá ionnad na ḋorċadus, créud é méud an dorċaduis sin!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 6:23
22 Iomraidhean Croise  

Naċ dleaġṫaċ dom an niḋ is toil liom do ḋéanaṁ lem’ ċuid féin? Nó an ḃfuil droċ‐ṡúil agat, toisc go ḃfuilim‐se fial?


Is í an tsúil lóċrann an ċuirp: d’á ḃriġ sin, má ḃíonn do ṡúil glan, soillsiġṫear do ċorp ar fad.


agus aḋaltrannas, agus sainnt, agus cuirpṫeaċt, agus cealg, agus ainṁian, agus droċ‐ṡúil, agus dia‐ṁaslaḋ, agus uaḃar, agus baois:


Is í do ṡúil solas do ċuirp: nuair ḃíos do ṡúil glan, bíonn do ċorp uile soillseaċ, ċóṁ maiṫ; aċt nuair ḃíos sí go h‐olc, bíonn do ċorp sa dorċadas.


Agus aduḃairt sé, Tugaḋ daoiḃ‐se rúin‐diaṁra ríoġaċta Dé d’aiṫint: aċt do ḋaoiniḃ eile i saṁlaoidiḃ; ionnas, ag féaċain dóiḃ naċ ḃfeicfidís, agus ag éisteaċt dóiḃ naċ dtuigfidís.


Ag maoiḋeaṁ as a n‐eagna ḋóiḃ do‐rinneaḋ amadáin díoḃ,


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá ḋorċadas aca, iad dealuiġṫe ó’n mbeaṫaiḋ do‐ḃeir Dia, de ċionn an ainḃfeasa atá ionnta, de ċionn cruaḋais a gcroiḋe;


mar sin; óir do ḃíoḃar ’n‐ḃur ndorċaċt tráṫ, aċt atá siḃ anois ’n‐ḃur solas san Tiġearna: siuḃlaiḋ ar nós clainne an tsolais.


Aċt an té do‐ḃeir fuaṫ d’á ḃráṫair, atá sé san dorċadas, agus atá sé ag siuḃal san dorċadas, gan a ḟios aige cá ḃfuil a ṫriall, toisc a ṡúile ḃeiṫ dallta ag an dorċadas.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan