Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 6:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Ar an aḋḃar sin, nuair ḃíos tú ag taḃairt déirce, ná séid aon aḋarc róṁat, mar do‐ġní luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ ins na sionagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, d’ḟonn onóir d’ḟáġáil ó na daoiniḃ. Go fírinneaċ adeirim liḃ go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Ar an aḋḃar sin, nuair a ġní tú déirc, ná cuir aḋarc a séideaḋ róṁat, mar ġní na bréagċráiḃṫiġ ins na sineagóga agus ar na sráideaċa, ċun go ḃfaġaḋ siad onóir ó ḋaoine. Amén adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáiġte acu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 D’á ḃríġ sin, nuair a ḃeiḋ déirc agat ’á ḋéanaṁ ná bíoḋ aḋarc d’á séideaḋ róṁat amaċ agat, mar a ḃíonn ag na feallairíḃ ins na sinagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, i dtreó go dtaḃarfaḋ na daoine onóir dóiḃ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Ar a naḋḃarsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luċd an ḟúarċráḃaiġ ann sna sionagógaiḃ agus ann sna sraideannaiḃ, do ċum go ḃfuiġidís glóir ó ḋaóiniḃ. Go firinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarasdal aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 6:2
56 Iomraidhean Croise  

A ċealgairí, is maiṫ do‐rinne Ésáias fáiḋeadóireaċt i n‐ḃúr dtaoḃ, g‐á ráḋ,


Agus ar maidin, Béiḋ droċ‐aimsear ann indiu, óir atá an spéir ag deargaḋ agus ag dorċú, Atá a ḟios agaiḃ cionnas gné na spéire d’aiṫint; aċt ní féidir liḃ cóṁarṫaí na h‐aimsire d’aiṫint.


Aċt d’aiṫin Íosa a mailís, agus aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ?


Aċt is ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad ġníos siad gaċ éinniḋ: óir leaṫnuiġid a ḃfulaictéirí,


agus méaduiġid scoṫóga a mbrat, agus is maiṫ leo na h‐áiteanna is fearr ins na fleaḋannaiḃ, agus na suiḋeaċáin tosaiġ ins na sionagógaiḃ,


agus gearrfaiḋ sé as a ċéile é, agus do‐ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó i ḃfoċair luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.


Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


Aċt nuair do‐ḃeir tusa déirc uait, ná bíoḋ a ḟios ag do láiṁ ċlé créad do‐ġní do láṁ ḋeas:


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


A ḃréig‐ḟíréin, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin ċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.


agus na suiḋeaċáin tosaiġ d’ḟáġáil ins na sionagógaiḃ, agus ins na fleaḋannaiḃ:


Agus aduḃairt sé leo, Is maiṫ do rinne Ésáias tarngaireaċt i n‐ḃúr dtaoḃ, mar atá scríoḃṫa, Onóruiġeann an pobal so mé le n‐a mbéal, Aċt is fada uaim atá a gcroiḋe:


Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.


Is mairg daoiḃ, a Ḟairisíneaċa! óir is breaġ liḃ na suiḋeaċáin uaċtaraċa ins na sionagógaiḃ, agus daoine ag beannú ḋaoiḃ i n‐áiteannaiḃ an ṁargaiḋ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


A ċealgairí, is eol daoiḃ gné na talṁan agus na spéire do ḃreaṫnú; aċt cad ċuige naċ eol daoiḃ gné na h‐aimsire seo do ḃreaṫnú?


Aċt d’ḟreagair an Tiġearna é, agus aduḃairt, A ḃréigḟíréana, naċ scaoileann gaċ duine agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus naċ gcinnireann sé ċum uisce é?


Seaċnaiḋ na scríoḃaiḋṫe, gur mian leo siuḃal i róbaiḃ fada, agus gur mór aca go n‐uṁlóċṫaiḋe ḋóiḃ ar áiteannaiḃ na margaḋ, agus na suiḋeaċáin tosaiġ d’ḟáġáil ins na sionagógaiḃ, agus na h‐ionada is fearr d’ḟáġáil ag fleaḋannaiḃ;


Aċt is mairg daoiḃ‐se atá saiḋḃir! óir atá ḃúr sólás agaiḃ ċeana féin.


Nó cionnas is féidir leat a ráḋ led’ ḃráṫair, A ḃráṫair, leig dom an duḃradán atá id’ ṡúil do ḃaint aisti, agus naċ ḃfeiceann tú an tsail atá id’ ṡúil féin? A ḟíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do ṡúil féin, agus annsin doċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.


Do ċeap cuid aca, ó ḃíoḋ an sparán ag Iúdás, go nduḃairt Íosa leis, Ceannuiġ a ḃfuil ag teastáil uainn i gcóṁair na féile; nó, rud éigin do ṫaḃairt do na boċtaiḃ.


Ní ġlacaim‐se onóir ó ḋaoiniḃ. Áċt atá a ḟios agam naċ ḃfuil aon ġráḋ do Ḋia ionnaiḃ.


Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia.


An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


go raiḃ eagla Dé air féin agus ar a ṫeaġlaċ go léir, fear do‐ḃeireaḋ a lán déirce do na daoiniḃ, agus do ḃíoḋ de ġnáṫ ag guiḋe Dé.


agus aduḃairt sé, A Ċornéliuis, do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus do cuiṁniġeaḋ ar do ċuid déirce i láṫair Dé.


Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.


Agus do ṡocruiġ na deisceabail caḃair, de réir gustail gaċ duine, do ċur ċum na mbráiṫreaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i nIúdaea:


Anois, tar éis bliaḋan fada, ṫáinig mé le déirc do ṫaḃairt dom’ ċineaḋ féin agus le h‐íoḋbairt do ḋéanaṁ:


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.


Agus dá mbronnainn mo ṁaoin ṡaoġalta ċum na boiċt do ċoṫú, agus dá dtaḃarainn mo ċorp d’á loscaḋ, gan gráḋ ḃeiṫ agam, ní ḟuil tairḃe dá laiġead agam d’á ḃárr.


aċt aṁáin cuiṁneaṁ ar na boċtaiḃ, an niḋ céadna do ḃí mar ḃárr cúraim orm féin.


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


ná ní raḃamar ag lorg urrama ó ḋaoiniḃ, ná uaiḃ‐se, ná ó ḋaoiniḃ eile, bíoḋ gurḃ ḟéidir linn ḃeiṫ go h‐uġdarásaċ, mar abstail Ċríost.


maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing;


Óir ba ṁór an t‐aḋḃar áṫais agus sóláis dom do ġráḋ‐sa a ḃráṫair, toisc gur tógaḋ croiḋeaċa na naoṁ tríot.


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan