Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 6:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Seaċnaiḋ agus ná déanaiḋ ḃúr ndeaġ‐ġníoṁarṫa i ḃfiaḋnaise na ndaoine i dtreo go ḃfeicfidís siḃ, nó ní ḃéiḋ aon luaċ saoṫair le fáġáil agaiḃ ó ḃúr nAṫair atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Taḃairigiḋ aire gan ḃur ḃfíréantaċt a ḋéanaṁ ós cóṁair daoine d’ḟonn go ḃfeiceaḋ siad siḃ: nó ní ḃéiḋ luaċ saoṫair agaiḃ ó ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Seaċnaiḋ agus ná deiniḋ ḃúr ḃfíoraontaċt-sa os cóṁair daoine, i dtreó go ḃfeicfí siḃ, nó ní ḃeiḋ tuarasdal le fáġail agaiḃ i láṫair ḃúr n-Aṫar atá ins na flaṫais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Tarḃraiḋ ḃur naire naċ deúntáoi ḃur ndeirc á ḃfiaḋnuisi dáoine, do ċum go ḃfaicfidís siḃ: nó ní ḃfuiġṫí lúaiḋeaċd ó ḃur Naṫair atá air neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 6:1
36 Iomraidhean Croise  

Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus aduḃairt Íosa leo, Taḃraiḋ aire agus seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ agus na Saddúicíneaċ.


Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Aċt is ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad ġníos siad gaċ éinniḋ: óir leaṫnuiġid a ḃfulaictéirí,


Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


Óir má ṫugann siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean aṁáin ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ‐se, créad atá tuillte agaiḃ ḋá ḃárr? Naċ ndéanann na poibleacáin féin é sin?


Caiṫfiḋ siḃ, d’á ḃriġ sin, ḃeiṫ gan loċt, fá mar atá ḃúr nAṫair neaṁḋa gan loċt.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se urnaiġe mar seo: Ár nAṫair atá ar neaṁ, go naoṁuiġtear t’ainm;


Agus ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ, ’g‐á ráḋ, Féaċaiḋ, seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, agus laiḃín Ioruaiṫ.


Taḃraiḋ aire, d’á ḃriġ sin, naċ dorċadas an solas atá ionnat.


Fá’n am sin, nuair do ḃí na mílte móra ag cruinniú le ċéile, i dtreo go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ le n‐a ḋeisceablaiḃ ar dtús, Seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, is é sin an fuar‐ċráḃaḋ.


Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine.


Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.


óir ba ṁó aca an ġlóir ḋaonna ’ná glóir d’ḟáġáil ó Ḋia.


Cionnas do b’ḟéidir go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ġlacas onóir ó n‐a ċéile, agus gan aon éileaṁ agaiḃ ar an nglóir ṫig ó’n aon Dia.


Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal?


An dream gur mian leo éirġe go mórḋálaċ san ḃfeoil, cuireann siad d’ḟiaċaiḃ oraiḃ timċeall‐ġearraḋ do ḋéanaṁ; sin ċum naċ ndéanfiḋe géirleanṁain orṫa ar son croise Críost.


g‐á ṁeas gur mó dob’ ḟearr masla Ċríost mar ṡaiḋḃreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do ḃí sé ag súil leis an luaċ saoṫair.


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


Biḋiḋ ar ḃur n‐aire ċum naċ gcaillfiḋ siḃ a ḃfuil saoṫruiġṫe agaiḃ, aċt go ḃfaiġiḋ siḃ lán‐luaċ saoṫair.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan