Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 5:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Go mba mar sin a ṡoillseoċas ḃur solus-sa ós cóṁair daoine, ionnas go ḃfeiciḋ siad ḃur ndéaġ-oibreaċa, agus go dtugaiḋ siad glóir do ḃur n-Aṫair atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Lasaḋ ḃur solus-sa ar an gcuma san os cóṁair daoine, i dtreó go ḃfeicfid siad ḃúr ngníoṁarṫa fóġanta agus go molfaid siad ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Go maḋ mar sin ḋealróċus ḃur soillsisi a ḃfíaġnuisi na ndáione, a gcrúṫ go ḃfaicfiḋ síad ḃur ndeaġoibriġṫe, agus do dtioḃruid glóir dá ḃur Naṫair atá ar neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 5:16
42 Iomraidhean Croise  

Aċt is ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad ġníos siad gaċ éinniḋ: óir leaṫnuiġid a ḃfulaictéirí,


Agus ná taḃraiḋ aṫair ar aoinneaċ agaiḃ ar talaṁ: óir is aoinneaċ aṁáin is Aṫair agaiḃ, an té atá ins na flaiṫeasaiḃ.


ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se urnaiġe mar seo: Ár nAṫair atá ar neaṁ, go naoṁuiġtear t’ainm;


Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.


Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.


Siḃ‐se do ṫaḃairt mórán torṫa, as sin is eaḋ tugtar glóir dom’ Aṫair; agus siḃ do ḃeiṫ ’n‐ḃúr ndeisceablaiḃ agam‐sa.


Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta.


agus ar ṁoḋ go dtuitfiḋ sé ar a aġaiḋ faoi agus go n‐aḋarfaiḋ sé Dia, g‐á ráḋ go ḃfuil Dia dá ríriḃ ’n‐ḃur measc.


agus mar ġeall ar an dearḃaḋ do‐ḃeir an congnaṁ so, molann siad Dia as uċt ḃur n‐uṁlaċta do ṡoiscéal Ċríost adṁuiġeas siḃ, agus as uċt fairsinge ḃur dtaḃartais dóiḃ‐sean agus do’n uile ḋuine;


agus ṫugadar glóir do Ḋia im’ ṫaoḃ.


Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad.


mar sin; óir do ḃíoḃar ’n‐ḃur ndorċaċt tráṫ, aċt atá siḃ anois ’n‐ḃur solas san Tiġearna: siuḃlaiḋ ar nós clainne an tsolais.


agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.


aċt (mar ba ċeart do ṁnáiḃ adṁuiġeas cráiḃṫeaċt) le deaġ‐ġníoṁarṫaiḃ.


deaġ‐ṫeist ḃeiṫ uirṫi ás uċt deaġ‐ġníoṁarṫa; má tá clann oilte aici: má ċuir sí fáilte roiṁ stróinséiriḃ, má niġ sí cosa na naoṁ, má ċug sí fóiriṫin ar luċt aindeise, má lean sí go díċeallaċ do gaċ saġas deaġ‐ġníṁ.


Ar an gcuma ċéadna bíonn deaġ‐oibreaċa ann atá follusaċ; agus na deaġ‐oibreaċa naċ ḃfuil follusaċ ní féidir a gceilt.


maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing;


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


dod’ ṫaisbeáint féin ar gaċ sliġe mar ṡompla i dtaoḃ deaġ‐ġníoṁarṫa; ag taḃairt teagaisc ġlain, ċéilliḋe, briaṫar folláin naċ féidir loċt d’ḟáġáil air;


Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.


Aċt nuair do noċtaḋ maiṫeas agus gráḋ Dé ár Slánuiġṫeoir do’n duine,


agus taḃraimís aire d’á ċéile, ag spreagaḋ a ċéile ċum gráḋa agus ċum deaġ‐ġníoṁarṫa;


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Má masluiġtear siḃ ar son ainme Críost is aoiḃinn daoiḃ, óir luiġeann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan