Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 4:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ṫaisteal Íosa an Ġailile go léir, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ tinnis imeasc an ṗobail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 4:23
46 Iomraidhean Croise  

atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.


Ag imṫeaċt dó as an áit sin, do ċuaiḋ sé isteaċ ’n‐a sionagóig:


Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


Agus ag teaċt isteaċ ’n‐a ḋúṫaiġ féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ’n‐a sionagóig, i dtreo go raiḃ iongnaḋ orṫa, agus go nduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an eagna, agus na cuṁaċta móra so.


Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċonnaic sé sluaġ mór, agus do ġaḃ truaġ ṁór dóiḃ é, agus do leiġeas sé iad‐san do ḃí breoite.


Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus tar éis Eoin do ċur i bpríosún, ṫáinig Íosa isteaċ ’sa nGalilé ag craoḃscaoileaḋ soiscéil Dé,


Agus do ċuadar isteaċ i gCafarnaúm, agus do ċuaiḋ sé isteaċ ins an tsionagóig, lá na sabóide, agus do rinne sé teagasc ann.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ.


óir do ḃí sé tar éis mórán daoine do leiġeas; ar ċuma go raiḃ na daoine ar a raiḃ aicíd ar biṫ, go raiḃ siad ag brúġaḋ isteaċ air, ag cuimilt leis.


Agus nuair ṫáinig an tsabóid, do ṫosnuiġ sé ar ṫeagasc do ḋeanaṁ sa tsionagóig: agus ṫáinig iongnaḋ ar a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugaḋ do’n ḟear so, agus a ráḋ go ndéantar a leiṫéide d’oibreaċaiḃ móra tré n‐a láṁaiḃ?


Agus ba ṁór ba iongnaḋ leis a n‐uireasḃaiḋ creidiṁ. Agus do ċuaiḋ sé ag teagasc ins na bailtiḃ beaga ṫart timċeall.


agus leiġeasaiḋ na daoine breoite sa gcaṫair sin, agus abraiḋ leo, Atá ríoġaċt Dé druidṫe liḃ.


Agus do ḃí sé ag teagasc i sionagóig áiriṫe, lá na sabóide.


Do ḃí an reaċt agus na fáiḋe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráṫ sin atá soiscéal ríoġaċta Dé d’á ċraoḃscaoileaḋ, agus atá gaċ aoinneaċ ag teannaḋ isteaċ innti.


Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ;


Agus ṫáinig Íosa ar ais, i gcuṁaċt an Spioraid, do’n Ġalilé: agus do leaṫ a ċlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird.


Agus ṫarla, go raiḃ sé lá ag teagasc; agus go raiḃ ’n‐a suiḋe ann Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe a ṫáinig ó gaċ baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do ḃí cuṁaċt an Tiġearna aige ċum slánuiġṫe.


agus ṫáinig sé anuas i n‐éinḟeaċt leo, agus do ṡeas sé ar áit réiḋ, agus sluaġ mór d’á ḋeisceablaiḃ, agus liaċt mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐ḃórd Ṫuire agus Ṡídóine, daoine ṫáinig ċum go n‐éistfidís leis, agus ċum go leiġeasfaiḋe a ngalair;


Agus ṫarla, sabóid eile, go ndeaċaiḋ sé isteaċ sa tsionagóig, agus go raiḃ sé ag teagasc: agus do ḃí fear ann go raiḃ a láṁ ḋeas seargṫa?


Agus an uair ċéadna sin do leiġeas sé mórán daoine ó ġalaraiḃ, agus ó aicídiḃ, agus ó ḋroċ‐spioraidiḃ; agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall,


Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ, agus innisiḋ d’Eoin gaċ a bfacaḃar agus a gcualaḃar; do‐ġeiḃ na daill a raḋarc; siuḃlann na bacaiġ, glantar na loḃair, cluineann na boḋair, aiséiriġeann na mairḃ, craoḃscaoiltear an soiscéal do na boċtaiḃ.


Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé tré ċaṫraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ beaga, ag seanmórú agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil ríoġaċta Dé,


Aċt ar n‐a ḟeicsin sin do’n sluaġ, do leanadar é: agus d’ḟáiltiġ sé rómpa, agus do laḃair sé leo i dtaoḃ ríoġaċta Dé, agus do leiġeas sé iad‐san ag a raiḃ gáḃaḋ leis.


Agus aduḃairt seisean leis, Leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin do ċur; aċt imṫiġ‐se agus fógair ríoġaċt Dé go foirleaṫan.


D’ḟreagair Íosa ḋó, Do laḃras go foscailte leis an saoġal; do‐ġnínn teagasc i gcóṁnaiḋe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinniġeann na h‐Iúdaiġ uile le ċéile; níor laḃras éinniḋ fá ċeilt.


Aduḃairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm.


I n‐a ḋiaiḋ sin do ġluais Íosa ar fud na Galilé: óir níorḃ áil leis siuḃal i nIúdaea, toisc go raiḃ na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ a ċur ċum báis.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Agus gaċ sabóid do ḃí ann ḃíoḋ sé ag pléiḋe san tsionagóig, ag iarraiḋ Gréagaiġ agus Iúdaiġ do ṫaḃairt leis.


Agus féaċ, anois, atá a ḟios agam naċ ḃfuil duine agaiḃ, gur ṡiuḃlas ’n‐ḃúr measc ag craoḃscaoileaḋ na ríoġaċta, ḟeicfeas mo ġnúis arís.


ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag múineaḋ le dánaċt na neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


agus cionnas ḋéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad ċuige? mar atá scríoḃṫa, Naċ áluinn iad cosa na ndaoine do‐ḃeir deaġ‐scéala áṫais!


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan