Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 3:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Aċt nuair do ċonnaic sé mórán de na Fairisíneaċaiḃ agus de na Saddúcíneaċaiḃ ag teaċt ċum baiste d’ḟáġáil uaiḋ, aduḃairt sé leo‐san: A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair orṫaiḃ‐se teiċeaṫ ó’n díḃḟeirg atá le teaċt?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus nuair a ċonnaic sé mórán de na Fairisíniġ agus de na Sadducaiġ ag teaċt ċuig a ḃaisteaḋ, duḃairt sé leo: A ṡlioċt naiṫreaċ niṁe, cé ṫaiḋḃsiġ díḃ-se teiċeaḋ ó’n ḟeirg atá le ṫeaċt?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus ċonaic sé mórán des na Fairisíniġ agus des na Sadducíneaċaiḃ ag teaċt ċun an ḃaiste ċuige, agus duḃairt sé leó: A ṡlioċt na n-aiṫreaċ niṁe, cé ċuir ar ḃúr súiliḃ daoíḃ-se an ḟearg atá ċúġaiḃ do ṡeaċnaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus an tan do ċunnairc sé mórán do Ṗáirisíneaċaiḃ agus do na Sadúiseaċaiḃ ag teaċd do ċum a ḃaisdiġ féin, a dúḃairt sé ríu, A ṡíol na naiṫreaċ neiṁe, cía do ḟoillsiġ ḋáoiḃ teiṫeaṁ ón ḟeirg atá ag teaċd?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 3:7
49 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair do‐ċuala na Fairisíniġ é, aduḃradar, Ní ċaiṫeann an fear so na deaṁain amaċ aċt tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan.


A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.


Annsin ṫáinig na deisceabail, agus aduḃradar leis, An eol duit gur ġlac na Fairisíniġ scannal, nuair do‐ċualadar na briaṫra sin?


Agus ṫáinig na Fairisíniġ agus na Saddúicíniġ, agus, ċum triail do ḃaint as, d’iarradar air cóṁarṫa ó neaṁ do ṫaisbeáint dóiḃ.


Agus aduḃairt Íosa leo, Taḃraiḋ aire agus seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ agus na Saddúicíneaċ.


Annsin d’imṫiġ na Fairisíniġ, agus do ċuadar i gcóṁairle g‐á ṁeaḃrú cionnas do ċuirfidís i dteannta é sa gcainnt.


An lá céadna sin ṫáinig ċuige Saddúicíniġ, daoine adeir naċ ḃfuil aiséirġe ann:


Aċt na Fairisíniġ, nuair do‐ċualadar gur ċuir sé na Saddúicíniġ ’n‐a dtost, do ċruinniġeadar i gceann a ċéile.


A ṗiasta, a ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas éalóċas siḃ ó ḋaor‐ḃreiṫ ifrinn?


Óir adeirim liḃ, muna sáruiġiḋ ḃur ḃfíréantaċtsa fíréantaċt na scríoḃaiḋe agus na ḃFairisíneaċ, naċ raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas ar ċor ar biṫ.


Agus do ċuireadar ċuige cuid de na Fairisíneaċaiḃ, agus de ṁuinntir Ioruaiṫ, ċum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt.


Agus ṫáinig Saddúicíniġ ċuige, daoine adeir naċ ḃfuil aiséirġe ann; agus d’ḟiafruiġeadar de, ’g‐a ráḋ,


Agus ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ, ’g‐á ráḋ, Féaċaiḋ, seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, agus laiḃín Ioruaiṫ.


Agus do ḃí na Fairisíniġ, dream do ḃí tugṫa do’n tsainnt, do ḃí siad ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin uile; agus do‐rinneadar magaḋ faoi.


Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Aċt do ḋiúltuiġ na Fairisíniġ agus ollaṁain na dliġe de’n ċóṁairle do ċinn Dia ’n‐a dtaoḃ féin gan baisteaḋ do ġlacaḋ uaiḋ.)


Agus dream de na Fairisíneaċaiḃ ab eaḋ iad‐san do cuireaḋ.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Do‐ċuala cuid de na Fairisíneaċaiḃ do ḃí ’n‐a ḟoċair é sin, agus aduḃradar leis, An ḃfuilmíd‐ne dall, leis?


Aċt d’éiriġ daoine áiriṫe d’aicme na ḃFairisíneaċ go raiḃ an creideaṁ aca, g‐á ráḋ, Ní foláir iad do ṫimċeall‐ġearraḋ, agus a ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa reaċt Ṁaoise do ċoiṁéad.


D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


Is eol dóiḃ ó ṫús, dá mba ṁaiṫ leo a ḋeiṁniú, gur ṁaireas im’ Ḟairisíneaċ de réir riaġlaċ na h‐aicme is mó díriġeaċt ’n‐ár gcreideaṁ.


Aċt d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart, agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair (aicme na Saddúicíneaċ), agus iad lán d’éad,


Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart;


Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean.


agus ċum ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le teaċt a Ṁic ó neaṁ, an té do ṫóg sé ó na marḃaiḃ, Íosa ḟuasclas ó’n díḃeirg atá le teaċt sinn.


Tré ċreideaṁ Naoi, iar ḃfáġáil raḃaiḋ ó Ḋia i dtaoḃ na neiṫe naċ raiḃ fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramaċt do ċuir sé áirc i gcóir ċum a ṫeaġlaċ féin do ṡáḃáil: agus d’á ḃárr sin do ċionntuiġ sé an saoġal, agus do rinneaḋ oiḋre na fíréantaċta atá tré ċreideaṁ ḋe.


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan