Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ar mbeiṫ d’Íosa baistṫe, do ċuaiḋ sé suas as an uisce ar an láṫair: agus, féaċ, do fosclaḋ na flaiṫis dó, agus do ċonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i rioċt cuilm, agus ag teaċt anuas air:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Nuair a ḃí Íosa baistṫe ṫáinic sé aníos láiṫreaċ as an uisce, agus féaċ, ḟosclaḋ na flaiṫis dó, agus ċonnaic sé Spiorad Dé ag teaċt anuas i rioċt colmáin, agus ag tuirling air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus nuair a ḃí Íosa baistiṫe ṫáinig sé aníos as an uisge láiṫreaċ; agus féaċ, do h-osgalaḋ na flaṫais dó, agus ċonaic sé Spioraid Dé ag teaċt anuas i rioċt colúir agus ag túirliocan air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus ar mbeiṫ ar na ḃaisdeaġ Díosa, do ċúaiḋ sé air ball súas as a nuisge: agus, féuċ, do hósglaḋ neaṁ ḋó, agus do ċunnairc sé Spiorad Dé ag tuirrling a gcosaṁlaċ ċoluim, agus ag teaċd airsion:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 3:16
14 Iomraidhean Croise  

Agus ar an láṫair, ar dteaċt aníos dó as an uisce, do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt agus an Spiorad Naoṁ ag tuirling anuas air i rioċt cuilm;


Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


ag tosnú ó ḃaisteaḋ Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógaḋ suas uainn é, caiṫfiḋ duine aca ḃeiṫ ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar a aiséirġe.


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


Is é Íosa Críost an té ṫáinig tré uisce agus tré ḟuil: ní h‐é tríd an uisce aṁáin, aċt tríd an uisce agus tríd an ḟuil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan