Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Maitiú 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruitneaċtan isteaċ sa scioból; agus loiscfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ naċ féidir do ṁúċaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus tá a ṡluasad ċáiṫte ina láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus cruinneoċaiḋ sé a ċruiṫneaċt isteaċ san scioból, aċt dóiġfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ ḋo-ṁúċta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Tá a ġléas cáiṫte i n-a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ sa sgioból, agus loisgfiḋ sé an lóċán le teine naċ féidir a ṁúċaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agá ḃfuil a críaṫar ann a láiṁ, agus glanfuiġ sé urlár a ḃúailte, agus cruinneoċuiġ sé an ċruiṫneaċd an ait ṫaisgiḋe; agus loisgfiḋ sé an ċáiḋ lé teiniġ naċ éidir do ṁúċaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Maitiú 3:12
30 Iomraidhean Croise  

go sracfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as a ḟréaṁaċaiḃ leis. Leigiḋ ḋóiḃ araoin fás go dtí an fóġṁar: agus i n‐aimsir an ḟóġṁar adéarfad‐sa leis na buanaiḋṫiḃ, Bailiġiḋ ar dtús an cogal, agus ceanglaiḋ é ’n‐a ṗunnannaiḃ le dóġaḋ; aċt bailiġiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ im’ scioból.


Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ, agus baileoċaiḋ siad as a ríoġaċt gaċ aḋḃar scannail, agus luċt déanta an uilc,


agus caiṫfiḋ sé isteaċ sa teiniḋ loiscniġ iad: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.


Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ:


atá a ġaoṫaċán ’n‐a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ ’n‐a scioból; aċt dóiġfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ ḋó‐ṁúċta.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan